An difríocht idir athruithe ar: "Electric Light Orchestra"

banna ceoil Sasanach
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le '{{Bosca_Sonraí_banna | | ainm_an_bhanna = Electric Light Orchestra | íomhá = 250px | fotheideal = ELO ar a dturas Time, 1981...'
(No difference)

Leagan ó 06:22, 9 Nollaig 2016

Teimpléad:Bosca Sonraí banna

Is banna ceoil é an Electric Light Orchestra (ELO) a bhunaíodh i mBirmingham, Sasana sa bhliain 1970 ag Jeff Lynne, Roy Wood agus Bev Bevan. Thosaigh an grúpa le amhrán "10538 Overture" a scríobh Lynne agus Wood dá mbanna The Move, agus chuaigh siad chun tionscnamh "baroque and roll" a chuthú, ach d'imigh Wood tar éis an chéid albaim, The Electric Light Orchestra. Tar éis imeachta Wood, ghabh Lynne ceannas cruthaitheach, ag cumadh beagnach gach amhrán agus gach albam. Tháinig ELO 2 agus On the Third Day sa bhliain 1973.

Tar éis scaoilte an amhráin "Showdown", as On the Third Day, thug John Lennon isteach ELO ar an raidió mar "Sons of the Beatles". Sa bhliain 1974, fuair siad cáil le Eldorado, an chéad albam óir acu agus lena amhrán "Can't Get It Out of My Head", a gcéad amhrán a shroich sna deich is airde sna cairteacha Meiriceánacha. Ba albam coincheapa é Eldorado. D'éirigh leo lena n-albaim Face the Music, A New World Record agus Out of the Blue, le hamhráin cailiúil mar gheall ar "Evil Woman", "Telephone Line", "Turn to Stone", "Sweet Talkin' Woman" agus "Mr. Blue Sky".

Fuair an amhrán "Don't Bring Me Down", as an albam Discovery, an áit is airde sna cairteacha Meiriceánacha a bheadh acu. Bhí ciall athrach ag ainm an albaim, "Disco Very", a chruthaigh an pianódóir Richard Tandy, mar go raibh téama dioscó ag an albam. Scaoil ELO albam coincheapa Time amach sa bhliain 1981, leis an singil "Hold On Tight". Ní bhfuair ELO an toradh céanna lena dá albam deireanach, Secret Messages agus Balance of Power, agus cheap daoine go raibh an banna ag cailleadh a ngairbhe ag bogadh i dtreo pop-cheoil. Bhí fonn ag Lynne dhá albam a scríobh as Secret Messages, ach níor aontaigh an lipéad. Chaill Lynne a fhuinneamh cumtha agus dhíscoir an banna sa bhliain 1986, le Lynne ag casadh chun déanamh ceoil - bhain sé páirt sna Traveling Wilburys, ag obair le George Harrison, Bob Dylan, Tom Petty agus Roy Orbison. Tháinig Lynne agus Tandy ar ais le chéile i 2000 agus 2001 chun Zoom a scaoileadh, ach níor éirigh leis an turas a bhí á phleanáil acu agus dhíscoir siad arís go dtí 2015, nuair a scaoil siad Alone in the Universe faoin ainm Jeff Lynne's ELO.