An difríocht idir athruithe ar: "Heydar Aliyev"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 16:
 
==Luathshaol==
Is deacair cur síos ceart a thabhairt ar imeachtaí a shaoil, ach dealraíonn sé gurb i Naxçıvan a tháinig sé chun saoil. Bhain sé amach céim san [[oideachas]] i scoil traenála na [[múinteoir]]í i Naxçıvan, agus chaith sé seal ag staidéar [[ailtireacht]]a. Ba nós leis a áitiú go ndeachaigh sé ag foghlaim staraíochta in [[Ollscoil]] Stáit Bakı, ach is é an tuairim atá ag lucht an tsaineolais go ndeachaigh sé go [[St Petersburg|Leningrad]] le freastal ar [[scoil]] slándála an stáit ansin.
 
==[[KGB]]==
Líne 26:
D'fhan Əliyev i [[Moscó]] go dtí an bhliain 1990, nuair a d'fhill sé ar Naxçıvan. Ansin dó, chuir sé é féin chun tosaigh mar náisiúnaí measartha, agus de réir a chéile, shealbhaigh sé an chumhacht sa chúige, beag beann ar [[Ayaz Mütəllibov]] a bhí ina [[Uachtarán]] ar an Asarbaiseáin san am.
 
San am seo, bhí an [[cogadh]] idir [[an Airméin]] agus an Asarbaiseáin ag cur chun géaradais, agus i m[[Bealtaine]] 1992, b'éigean do Mütəllibov éirí as agus an Uachtaránacht a fhágáil ag [[Əbülfəz Elçibəy]] a bhí i gceannas ar eagraíocht pholaitiúil an fhreasúra, Fronta Pobail na hAsarbaiseáine.
 
Ní raibh an tUachtarán nua ábalta Naxçıvan a athshealbhú ó Əliyev. Sa deireadh thiar, i [[Meitheamh]] 1993, d'éirigh na fórsaí armtha amach in aghaidh Elçibəy, agus b'éigean dósan an Uachtaránacht a fhágáil ag Əliyev.
Líne 32:
Chaith Əliyev an chuid eile dá shaol ag [[rialtas|rialú]] na hAsarbaiseáine ar nós an [[deachtóireacht|deachtóra]]. Bhí sé in ann infheisteoirí a mhealladh ón gcoigríoch le h[[airgead]] a shuncáil in [[eacnamaíocht]] na tíre, go háirithe i dtionsclaíocht na hartola. San am céanna, áfach, d'fhás an bhreabaireacht as éadan, go dtí gur rangaíodh an Asarbaiseáin ar an tír ba mheasa éilliú ar fud an domhain.
 
==BasBás==
Thosaigh a shláinte ag teip ar Əliyev sa bhliain 1999, nuair b'éigean dó aghaidh a thabhairt ar [[na Stáit Aontaithe]] le dul faoi [[scian]] an [[máinlia|mháinlia]]. Rinneadh máinliacht seach-chonaire air i g[[Cleveland]]. Níor mhair sé ach cúpla bliain ina dhiaidh sin, ach bhí de sheal aige a mhac féin, İlham Əliyev, a cheapadh mar Uachtarán nua sula bhfuair sé bás.