An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad dí-ocsairibeanúicléasach"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 6:
Tá seichimh ADN “neamhchódúcháin” le fáil in ADN orgánaigh. Ní chódaíonn siad do sheichimh phróitéiní. Trascríobhtar cuid den ADN neamhchódúcháin i móilíní [[aigéad ribeanúicléasach|ARN neamhchódúcháin]], ar nós ARN traschuir, ARN ribeashómach agus ARN rialúcháin. Tá seichimh ann nach dtrascríobhtar ar chor ar bith agus nach fios cén fheidhm atá acu. Tá difríocht mhór idir an méid ADN neamhchódúcháin i spéicis dhifriúla. Mar shampla, ADN neamhchódúcháin is ea breis is 98% den ghéanóm daonna<ref>Elgar G. & Vavouri T. 2008. ‘Tuning in to the signals: non-coding sequence conservation in vertebrate genomes.’ ''Trends Genet''. '''24''' (7): 344–52. [http://www.cell.com/trends/genetics//retrieve/pii/S0168952508001510?_returnURL=http://linkinghub.elsevier.com/retrieve/pii/S0168952508001510?showall=true]</ref> agus níl ach timpeall 2% de ghnáthghéanóm baictéarach déanta d’ADN neamhchódúcháin.
 
Baineann víorais feidhm as ADN nó as ARN chun orgánaigh a ghalrú.<ref>Van Etten JL, Lane LC, Dunigan DD, ‘DNA viruses: the really big ones (giruses),’ ''Annual Review of Microbiology'', Volume 64, 2010, lgh 83–99. PMID 20690825, PMC 2936810, DOI 10.1146/annurev.micro.112408.134338</ref> I núicléas na cille is mó a dhéanann víorais macasamhlú ADN a mhacasamhlú, ach is gnách le víorais ARN é a dhéanamh sa [[cíteaplasma|chíteaplasma]].
 
== Struchtúr an ADN ==