An difríocht idir athruithe ar: "An Ghearmáin"

56 bytes added ,  3 bliana ó shin
→‎Stair: the name Poblacht Dhaonlathach gets more Google hits and is the name used at tearma.ie; Oir-Ghearmáin is also widespread
(→‎Stair: the name Poblacht Dhaonlathach gets more Google hits and is the name used at tearma.ie; Oir-Ghearmáin is also widespread)
== Stair ==
:''Féach freisin: [[Stair na Gearmáine]]''
[[Íomhá:Besatzungszonen ohne text.gif|mionsamhail|150px|clé|Na limistéir a bhí faoi chois ag na cumhachtaí forghabhála i ndiaidh ghéilleadh na Gearmáine sa bhliain 1945]]Tar éis ré na [[Naitsíochas|Naitsithe]] agus [[an Dara Cogadh Domhanda]], roinneadh an tír ina ceithre limistéar, agus fuair gach cumhacht forghabhála a limistéar féin le rialú. Chuaigh na trí limistéar iartharacha, an ceann Francach, an ceann [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánach]], agus ceann na Breataine, le chéile ina "Trizone", nó limistéar aontaithe, agus i [[1949]], d'iompaigh an "Trizone" ina poblacht neamhspleách, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine nó an "Iar-Ghearmáin". An chuid den tír a bhí faoi smacht na [[An tAontas Sóivéadach|Sóivéadach]], bhain sí amach cineál neamhspleáchas freisin mar stát satailíteach ar cuireadh an [[Cumannachas]] i réim ann, is é sin, [[DaonphoblachtPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine]]. Fágadh an chuid iartharach de Bheirlín timpeallaithe ag críocha na "DaonphoblachtaPoblachta Daonlathaí" nó na "hOir-Gearmáine", agus bhí caidreamh an dá Ghearmáin ina ábhar mór conspóide agus teannais idirnáisiúnta go dtí gur thit an tóin as an gcóras Cumannach i ndeireadh na [[1980idí|n-ochtóidí]]. Daingníodh teorainn thiar na DaonphoblachtahOir-Ghearmáine leis na daoine a choinneáil istigh, agus sa bhliain [[1961]], tógadh balla idir an dá leath de Bheirlín leis an mbealach éalaithe deireanach a dhúnadh. Bhí rialtas na DaonphoblachtahOir-Ghearmáine ag obair sa leath thoir den chathair, ach ba í [[Bonn (cathair)|Bonn]], cathair réasúnta beag cois na Réine in iarthar na Gearmáine, a bhí ina príomhchathair ag an bPoblacht Chónaidhme go dtí an t-athaontú sa bhliain [[1990]]. Nuair a athaontaíodh an tír, aistríodh an phríomhchathair ar ais go dtí sean-phríomhchathair na Gearmáine, Beirlín. Nuair a cuireadh an 17 milliún a bhí ina gcónaí isan nDaonphoblacht na GearmáineOir-Ghearmáin, le 63 milliún na Poblachta Cónasctha, bhí an Ghearmáin ar an tír ba mhó is ba chumhachtaí i Lár na hEorpa arís, rud a chuir scanradh ar chuid mhaith de na comharsana, le taobhshúil ar an taithí a bhí acu ar an nGearmáin i ndiaidh dhá chogadh domhanda.
 
Bhí an tsean-Phoblacht Chónaidhme ina ballstát den Aontas Eorpach cheana féin, ó chuaigh sí sa [[An Cómhargadh Eorpach|Chómhargadh]] sna seascaidí. Mar sin féin, bhí difríochtaí móra le sárú leis an dá Ghearmáin a chomhdhlúthú. Tháinig méadú mór ar chostais an stáit agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an oirthear. Bhí dífhostaíocht an-ard san oirthear, rud nár tháinig mórán feabhais air idir an dá linn, agus b'éigean do lucht rialtais na Gearmáine laghduithe móra a dhéanamh ar an mbuiséad leasa shóisialta, fiú nuair a bhí na Daonlathaigh Shóisialta ([[Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine|SPD]]) ag rialú na tíre. Sa bhliain [[2005]], ghnóthaigh na coimeádaigh - na Daonlathaigh Chríostaí, nó [[CDU]] - an t-olltoghchán, agus chuaigh siad i gcomhrialtas leis an SPD agus an [[CSU]].
1,611

edits