An difríocht idir athruithe ar: "Túr Claonta Pisa"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) MOSTITLE |
mNo edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Leaning tower of pisa 2.jpg|upright|thumb|Túr Claonta Pisa]]
Is [[foirgneamh]] san [[An Iodáil|Iodáil]] é '''Túr Claonta Pisa'''. [[Clogás]] [[marmar|marmair]] i b[[Pisa]] [[An Iodáil|na hIodáile]], 54 m in airde, atá ann.
==Stair==
Tosaíodh ar an tógáil sa bhliain [[1173]]. Ach de bhrí gur ar [[ithir]] bhog a bhí sé, thosaigh an talamh ag ísliú nuair nach raibh ach 3 urlár tógtha. Níor críochnaíodh go dtí [[1372]] é.
Bhí cáil ar an túr de bhrí go raibh sé ag claonadh ó [[1838]], agus an claonadh ag méadú.
==An 20ú haois==
Bhí imní ar [[innealtóir]]í, saineolaithe agus na milliúin daoine a bhfuil grá acu don túr aisteach álainn céanna go dtitfeadh is go gcaillfí an túr.
Dhúntaí do chuairteoirí é cuid mhaith den am ó [[1990]] ar eagla na heagla. Cuireadh 14 saineolaí, saineolaithe idirnáisiúnta cuid acu, i mbun seifteanna a bheartú chun an claonadh a laghdú is an túr a shábháil.
Ar dtús bhaineadar triail as [[coincréit]] a chur faoin túr ar an taobh a bhí ag ísliú, ag ceapadh go mbrúfadh sé seo an túr suas ar an taobh sin. Ach thapaigh sé seo an claonadh, agus faoi 1997 bhí an barr 5.2 m amach ón [[ingearán]], agus dúnadh do chuairteoirí go hiomlán é.
Faoi dheireadh, bhain siad feidhm as modh eile, bunaithe ar an tuiscint go bhfuil an [[ithir]] faoin túr cosúil le meascán de [[Glóthach|ghlóthach]] is cúr-[[rubar]], agus an túr mar a bheadh sé ag [[snámh]] air. Baineadh ithir go cúramach ón taobh den túr a bhí ag éirí, le feisteas simplí [[druil]]eála. Timpeall 90 tonna ithreach a baineadh, rud a stop an ráta claonta, a chuir an túr i [[Cothromaíocht|gcothromaíocht]], agus a chuir ag filleadh ar an ingearán é.
==An 21ú haois==
Ligeadh cuairteoirí ar ais ann i [[2001]].
==Tagairtí==
{{reflist}}
{{Fréamh an Eolais}}
|