An difríocht idir athruithe ar: "Céad Impireacht na Bulgáire"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Krum1.jpg|mion|[[Khan Krum|Krum Cán]], a mhaithe agus a uaisle ag féasta tar éis Chath Pliska. Ar dheis feictear searbhónta ag tabhairt fíon do Khan Krum i mblaosc [[Nicephorus I]].]]
Ag tús na 680idí, tháinig na treibheanna Bulgáracha faoi threoir Asparukh na Bulgáire aduaidh trasna na [[An Danóib|Danóibe]] agus chuir siad fúthu sa tír idir an Danóib Íochtair agus an abhainn na Balcáine, le príomhbhaile acu in [[Pliska]].<ref>''History of the First Bulgarian Empire. Period of Hunnic-Bulgarian domination (679-852)''. Zlatarski, Vasil (i mBulgáiris), lch. 188, 1938 [http://www.kroraina.com/knigi/vz1a/vz1a_a_1.html Dáta rochtana: 23 Bealtaine 2012]</ref><ref>{{cite book|title=A History of the First Bulgarian Empire|last=Runciman|first=Steven|year=1930|publisher=G. Bell and Sons|page=26}}</ref> Chuir conradh síochána leis an [[Impireacht Bhiosántach]] sa bhliain 681 tús le Chéad Impireacht na Bulgáire. Mheasc na Bulgáraigh leis na daoine a bhí ann cheana, agus d'éirigh teanga den Shlávaic Theas ina teanga comónta.<ref>{{cite book |teideal=Essential History of Bulgaria in Seven Pages |last=Ivanov |first=Lyubomir |year=2007 |publisher=Bulgarian Academy of Sciences |pages=2–3 |url=http://en.wikisource.org/wiki/Essential_History_of_Bulgaria_in_Seven_Pages|accessdate=31 July 2012}}</ref>
 
Neartaigh na rialóirí a tháinig ina dhiaidh sin stát na mBulgárach le linn na 8ú agus 9ú céadta. Mhéadaigh [[Krum|Krum Cán]] achar na himpireacht faoi dhó agus, é sin á chur i gnímh aige, mharaigh sé [[Nicephorus I]], impire Bhiosáintiam i gcath Pliska.<ref>{{cite web|url=http://www.britannica.com/EBchecked/topic/323896/Krum|teideal=Krum (Bulgar khan)|work=Encyclopædia Britannica|accessdate=23 December 2011}}</ref> Chuir Krum cód dlíthe ar bun. Díobhadh an pagánachas i bhfabhar [[Críostaíocht]] Cheartchreidmheach an Oirthir faoi riail [[Boris I na Bulgáire|Boris I]] sa bhliain 864.
[[Íomhá:Structure of the First Bulgarian Empire during the IX-X century.png|mion|Chéad Impireacht na Bulgáire ag druidim ar dheireadh an 10ú céad]]
Ar shála an iompaithe chuig an gCríostaíocht, d'aithin Biosáintiam an eaglais Bhulgárach agus glacadh an [[aibítir Choireallach]] a d'fhorbair Preslav. Neartaigh sin an t-údarás lárnach san impireacht agus chuidigh sé le haontú na mBulgárach agus na Slávaigh eile sa tír. Bhí riail 34 bliana Shíomóin Mhóir ina ré órga ó thaobh chúrsaí cultúir agus méadú an limistéir faoin stát.