An difríocht idir athruithe ar: "Cú Uladh - Peadar Toner Mac Fhionnlaoich"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q7157785 (translate me)
No edit summary
Líne 14:
Scríbhneoir [[Gaeilge]] ab ea é '''Cú Uladh''', nó '''Peadar Toner Mac Fhionnlaoich'''. Rugadh é ar an [[5 Deireadh Fómhair]] [[1857]] in Alt an Iarainn, Gleann tSúilí, [[Contae Dhún na nGall|Co. Dhún na nGall]] agus cailleadh ar an [[1 Iúil]] [[1942]] é. Nuair a bhí sé seacht mbliana déag d’aistrigh sé go [[Baile Átha Cliath]]. D'fhreastail sé ar an Ard-Scoil i nGlas Naíon ar feadh bliana, agus ina dhiaidh sin chaith sé dhá bhliain ag foghlaim léinn i g[[Coláiste na Carraige Duibhe]]. Phós sé Sibéal Ní Uadhaigh (Elizabeth Woods) sa bhliain 1895 agus bhí dáréag clainne acu. Chuaigh an chuid is mó dá chlann mhac ar [[Scoil Éanna]], a bhí á rith ag [[Pádraig Mac Piarais]].
 
Fuair sé post mar Oifigeach Chustaim agus Máil sa státseirbhís agus chaith sé naoi mbliana déag i [[Sasana]] leis an bpost sin. Ó bhí an post sin aige, chaithfeadh Cú Uladh féin agus a chlann aistriú ó áit go háit go minic. Bhí sé lonnaithe tamall i n[[Dún na nGall]], i m[[Béal Feirste]], in Yorkshire, sa [[An Bhreatain Bheag|Bhreatain Bheag]], i n[[Glaschú]], i g[[CúlCúil an tSúdaire]] agus i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina fhile, ina scríbhneoir, ina sheanchaí, ina dhrámadóir, ina bhall de [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]] agus ina Sheanadóir, tamaill éagsúla dá shaol.
 
Bhí baint an-mhór ag Cú Uladh le [[Conradh na Gaeilge]] riamh. Sa bhliain 1895 bhí an chéad chruinniú ag Craobh Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste i dteach Chú Uladh, 32 Bóthar Beersbridge. Bhí Cú Uladh ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge sna blianta 1922 go 1925 agus arís sna tríochaidí. Bhí sé ar an gCoiste Gnó ar feadh breis is daichead bliain agus bhí an-bhaint aige leis an gConradh i rith na mblianta sin.