An difríocht idir athruithe ar: "Anne Frank"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Seans gurb í Anne Frank, a rugadh ar 12 Meitheamh 1929 i Frankfurt-am-Main sa Ghearmáin, an duine is mó cáil des na milliúin Iúdach a maraíodh le linn an Uileloisce. Nuair a t...
 
No edit summary
Líne 1:
Seans gurb í Anne Frank, a rugadh ar 12 Meitheamh 1929 i Frankfurt-am-Main sa Ghearmáin, an duine is mó cáil des na milliúin Iúdach a maraíodh le linn an Uileloisce. Nuair a tháinig na Naitsithe i réim, d’aistrigh an teaghlach go hAmstardam. Bhí an teaghlach faoi bhagairt arís toisc forghabháil na nGearmánach ar an Ollainn. B’fhear gnó é an t-athair, Otto Frank, agus ar 6 Iúil 1942 chuaigh an teaghlach agus ceathrar Giúdach eile i bhfolach i bhfortheach rúnda in áras a chuideachta i gceantar Prinsengracht. Chuaigh Otto i muinín Miep Gies, fostaí de chuid na cuideachta, agus bhíodh Ollannaigh dhílse ag tabhairt bia agus leabhar don bhuíon a bhí i bhfolach. Sceitheadh orthu, áfach. Tógadh cách go dtí na campaí géibhinn agus ba é Otto amháin a tháinig slán.
 
 
Bogadh Anne agus a deirfiúr Margot ó Auschwitz, áit ar cailleadh a máthair, go Bergen-Belsen ach bhuail an tífeas iad ansin. D’éag Margot agus go luath ina diaidh, ag tús mhí an Mhárta 1945, cailleadh Anne.