An difríocht idir athruithe ar: "Breatimeacht"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'deas|250px|thumb|Agóideoirí le haghaidh Brexit Is aithne go forleathan ar an aistarraingthe an...'
 
Do chuireas lena raibh ann.
Líne 1:
[[Íomhá:Brexit_Campaigners_out_side_Parliament_November_2016.jpg|deas|250px|thumb|Agóideoirí le haghaidh Brexit]]
Is éard atá i gceist leis an bhfocal '''Brexit''' ([[An Ghaeilge|Gaeilge]]: ‘Breatimeacht’) ná imeacht na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] as an [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]]. ''[[Portmanteau]]'' is ea an focal ''Brexit'' (‘Br[itish]’ + ‘Exit), ''portmanteau'' a deineadh de réir mhúnla an fhocail ''[[Grexit]]'' (‘Gr[eek]’ + ‘Exit’), focal a cumadh nuair a bhí imeacht na [[An Ghréig|Gréige]] as [[limistéar an euro]] i mbéal an phobail.
Is aithne go forleathan ar an aistarraingthe [[an Ríocht Aontaithe]] as [[an tAontas Eorpach]] mar Brexit, portmanta na focail Bhéarla "British exit'' é '''Brexit'''.
 
De bharr [[reifreann]] a reáchtáladh ar an 23ú lá de Mheitheamh 2016 agus inar vótáil 51.9% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le himeacht as an AE, tá rún ag rialtas na Breataine tús a chur le himeacht na tíre as an AE faoi dheireadh Mhí Márta 2017. Cuirfidh rialtas na Breataine tús leis an bpróiseas seo nuair a ghairfidh sé ar [[Airteagal 50]] de [[Conradh ar an Aontas Eorpach|Chonradh ar an Aontas Eorpach]], uirlis le himeacht as an Aontas. De réir théarmaí an chonartha, má chuireann rialtas na Breataine tús leis an bpróiseas mar atá beartaithe aige, beidh an Ríocht Aontaithe imithe as an AE faoi Mhárta 2019.
 
I ndiaidh an reifrinn, thogh an [[An Páirtí Coimeádach (An Ríocht Aontaithe)|Páirtí Coimeádach]], páirtí a bhí i gceannas ar an Ríocht Aontaithe ag an am, Theresa May mar Phríomh-Aire agus gheall sise bille chun an ‘[[European Communites Act 1972]]’ (Gaeilge: ‘Acht na gComhphobal Eorpach 1972’) a chur ar ceal agus chun dlíthe Eorpacha atá ann a chomhtháthú le córas dlíthe na Ríochta Aontaithe féin. Níl téarmaí an imeachta socraithe go fóill agus, idir an dá linn, fanann an Ríocht Aontaithe ina ballstát den Aontas Eorpach.
 
Ba i 1973 a ghlac an Ríocht Aontaithe ballraíocht i g[[Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa]] (CEE), a bhí ann roimh an Aontas Eorpach, ballraíocht a dheimhnigh sí le reifreann sa bhliain 1975 inar vótáil 67% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le fanacht sa Chomhphobal. De ghnáth, thugtaí pobalbhreitheanna idir 1973 agus 2015 le fios go raibh formhór ann a thacaigh le fanacht mar bhall den CEE, den CE nó den AE. Le linn na 1970idí agus na 1980idí, ba iad baill de chuid [[Páirtí an Lucht Oibre (an Ríocht Aontaithe)|Pháirtí an Lucht Oibre]] agus daoine a bhí páirteach i gceardchumainn a mholadh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a fhágáil. Ó na 1990idí amach, ba iad polaiteoirí de chuid na gCoiméideach agus de chuid [[UKIP]] (Gaeilge: ‘Páirtí um Shaoirse na Ríochta Aontaithe’), páirtí a bunaíodh sa bhliain 1993, a mholadh an Aontas Eorpach a fhágáil.
 
{{síol}}