An difríocht idir athruithe ar: "Breatimeacht"

Content deleted Content added
Do chuireas lena raibh ann.
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Brexit_Campaigners_out_side_Parliament_November_2016.jpg|deas|250px|thumb|Agóideoirí le haghaidh Brexit]]
Is éard atá i gceist leis an bhfocal '''Brexit''' ([[An Ghaeilge|Gaeilge]]: ‘Breatimeacht’) ná imeacht na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] as an [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]]. ''[[Portmanteau]]'' is ea an focal ''Brexit'' (‘Br[itish]’ + ‘Exit > 'imeacht na Breataine'), ''portmanteau'' a deineadh de réir mhúnla an fhocail ''[[Grexit]]'' (‘Gr[eek]’ + ‘Exit’ > 'imeacht na Gréige'), focal a cumadh nuair a bhí imeacht na [[An Ghréig|Gréige]] as [[limistéar an euro]] i mbéal an phobail.
 
De bharr [[reifreann]] a reáchtáladh ar an 23ú lá de Mheitheamh 2016 agus inar vótáil 51.9% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le himeacht as an AE, tá rún ag rialtas na Breataine tús a chur le himeacht na tíre as an AE faoi dheireadh Mhí Márta 2017. Cuirfidh rialtas na Breataine tús leis an bpróiseas seo nuair a ghairfidh sé ar [[Airteagal 50]] de [[Conradh ar an Aontas Eorpach|Chonradh ar an Aontas Eorpach]], uirlis le himeacht as an Aontas. De réir théarmaí an chonartha, má chuireann rialtas na Breataine tús leis an bpróiseas mar atá beartaithe aige, beidh an Ríocht Aontaithe imithe as an AE faoi Mhárta 2019.