An difríocht idir athruithe ar: "Carl von Linné"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 28:
Is é an príomhrud a chur Linnaeus i gcrích ná gur bhunaigh sé [[córas]] ainmniúcháin i gcomhair na n-orgánach beo ar glacadh leis go forleathan i saol na heolaíochta. Chuir obair Linnaeus tús leis an [[ainmníocht déthéarmach]] a mbaintear úsáid choitianta aisti le speicis na neachanna beo a shainiú go neamhdhébhríoch. Chomh maith leis sin, d'fhorbair sé an ''tacsanomaíocht Linnaech'' - an córas aicmithe eolaíoch atá in úsáid go forleathan sa bhitheolaíocht go fóill.
 
Sa chóras Linnaech, aicmítear na neachanna beo go hordlathach. Is í an [[Ríocht (bitheolaíocht)|ríocht]] an leibhéal is airde sa chóras, cosúil le [[ríocht na n-ainmhithe]] nó [[ríocht na bplandaí]] - de réir na cuma atá ar an gcóras inniu, tá ríocht na n-eobaictéar, ríocht na n-aircéabaictéar, ríocht na bhfungas agus ríocht na b''Protista'' ann. Ansin, roinntear na ríochtaí ina n-aicmí, na haicmí ina n-oird, agus na hoird ina ngéinis. Baill den ghéineas, arís, is iad na speicis, ach d'aithin Linnaeus roinnt [[tacsón ]]gan ainm faoi bhunrang an speicis.
 
Seo liosta de na ranganna ar fad atá aitheanta sa lá atá inniu ann (bunaithe ar chóras Linnaeus)<ref> dar le Matt Hussey, ''Fréamh an Eolas'', Coiscéim (2012), leathanach 410 chuir von Linné síos ar scéimeanna chun plandaí is ainmhithe a rangú