An difríocht idir athruithe ar: "Aontachtóirí na hÉireann"

Content deleted Content added
unstub
Líne 82:
 
Tá go leor páirtithe polaitiúla ag na hAontachtóirí sa Tuaisceart. Faoi láthair, is iad na hAontachtóirí Daonlathacha an ceann is mó tacaíochta. Is é an tUrramach Ian Paisley cathaoirleach an pháirtí. Ar feadh i bhfad, b'é Páirtí Aontachtach Uladh an príomhpháirtí Aontachtach, agus David Trimble ina chathaoirleach air go dtí an bhliain 2005. I ndiaidh Trimble, b'é Sior Reg Empey a chuaigh i gceannas an pháirtí. Tá an dá pháirtí seo ag gníomhú ar fud an stáitín. Thairis sin, tá lucht a leanúna féin ag an bPáirtí Forásach Aontachtach i dtimpeallacht Bhéal Feirste. Cé go ndearctar ar na hAontachtóirí Forásacha mar eagras polaitiúil na sceimhlitheoirí Protastúnacha ó Fhórsa Óglaigh Uladh, bhí clú na measarthachta agus na ciallmhaireachta ar an bpolaiteoir ba tábhachtaí de chuid an pháirtí, David Ervine, a cailleadh in Eanáir 2007.
 
===Aontachtóirí i Saorstát Éireann agus i bPoblacht na hEireann===
 
I ndiaidh na bliana 1890, agus go háirithe i rith na mblianta ó thús an Chead Chogadh Domhanda go dtí na 1920idí, chuaigh líon na nAontachtóirí i nDeisceart na hÉireann an oiread sin i laghad agus gur imigh an Aontachtóireacht as radharc ar fad sa saol poiblí. Is féidir míniúcháin dhifriúla a thabhairt ar an bhforbairt seo:
 
1) An Chéad Chogadh Domhanda féin. Níor cuireadh an coinscríobh i bhfeidhm ar Éirinn ach i ndeireadh an chogaidh. Mar sin, iad siúd a chuaigh chun cogaidh agus a fuair bás i machaire an áir, b'Aontachtóirí iad a bhformhór, agus an dóigh a raibh na Náisiúnaithe ag cur in aghaidh na "preasála", mar a thug siad ar an gcoinscríobh.
 
2) Sceimhlitheoireacht ghlan. Is é seo an míniú is fearr leis na hAontachtóirí i dTuaisceart Éireann inniu, ní nach ionadh. Deirtear go ndearna Óglaigh áirithe de chuid an IRA géarleanúint agus cineghlanadh ar na Protastúnaigh in áiteanna le linn Chogadh na Saoirse agus go gairid ina dhiaidh, thar aon áit eile i gCorcaigh, ó bhí pobal mór de lucht oibre Phrotastúnach ina gcónaí ansin. Cuid mhór de na Protastúnaigh i gCorcaigh, ba deargdhílseoirí dobhogtha iad, agus na Poblachtánaigh áitiúla chomh fanaiceach céanna. Cé gur pobal dlúth ab ea iad Protastúnaigh Chorcaí, ní raibh na Dílseoirí ansin ábalta an fód a sheasamh ar a son ar feadh i bhfad. Go leor acu, ní bhfuair siad de rogha ach dul ar imirce.
 
3) Imirce. Níorbh iad Dílseoirí Chorcaí an t-aon dream de na Protastúnaigh a chuaigh idir dhá dtír. Sna blianta roimh Chogadh na Saoirse agus ina dhiaidh, is iomaí Protastúnach a thug aghaidh ar thíortha cosúil le Tuaisceart Éireann, an chuid eile den Ríocht Aontaithe, agus Ceanada.
 
4) Comhshamhlú. Na Protastúnaigh agus na hAontachtóirí a d'fhan sa Saorstát (agus ina dhiaidh sin, sa Phoblacht), chlóigh siad le sochaí agus le cultúr na hÉireann agus ghabh siad leor, a bheag nó a mhór, leis an gcineál saol a bhí acu in Éirinn neamhspleách. Ghlac siad leis, go prionsabálta, go raibh cúis na nAontachtóirí caillte i nDeisceart na hÉireann. Le linn Chogadh Cathartha na hÉireann, léirigh an chuid ba mhó de na hAontachtóirí tacaíocht do rialtas an tSaorstáit, ó ba dóigh leo gurbh é rogha an dá dhíogha é.
 
5) Cleamhnais mheasctha.
 
[[en:Unionism in Ireland]]