An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Saoirse (Éire)"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
|||
Líne 19:
|}}
Tugtar '''Cogadh na Saoirse''' (nó an '''Cogadh Angla-Éireannach''') ar an [[treallchogadh]] idir [[Rialtas na Breataine]] in [[Éirinn]] agus [[Óglaigh na hÉireann]], a bhí faoi smacht na [[An Chéad Dáil|Chéad Dála]].
== Leathnú an fhoréigin ==
Líne 81:
Ar an gceathrú lá de Mhí Bhealtaine, d'fhág an tIRA corpán Thomáis Uí Shúilleabháin mar bhaoite do na péas ar ghruaimhín bóthair in aice le [[Ráth Mór]]. Seanfhear ochtó bliain d'aois a bhí ann agus é maraithe ag na hÓglaigh mar bhrathadóir. Nuair a tháinig na saighdiúirí dubha ag fiosrú, fuair ochtar fear acu bás sa teagmháil, agus níor tháinig ach aon duine amháin de na péas slán. Ansin, chuir na Sasanaigh cúig theach agus uachtarlann amháin trí thine mar éiric. Ceithre lá ina dhiaidh sin, rinne na hÓglaigh iarracht beirt saighdiúirí dubha a mharú in Oileán Chiarraí. Bhí na constáblaí seo ag filleadh abhaile i ndiaidh an Aifrinn, agus d'éirigh leis an IRA fear acu a mharú. An fear eile, áfach, fágadh ina bheo é, ó chuaigh a bhean chéile idir é agus urchar a mharaithe. Ar an deichiú lá de Mhí Bhealtaine, chuaigh ceal i mbeirt chonstáblaí eile de chuid an RIC agus iad ag spaisteoireacht leo cois farraige i g[[Cluain Maine]] i g[[Contae Dhún na nGall|Co. Dhún na nGall]]. Tháinig corpán duine acu i dtír ar an lá arna mhárach.
I Mí Bhealtaine 1921, freisin, shealbhaigh na hÓglaigh [[Teach an Chustaim]] i mBaile Átha Cliath agus chuir siad an áit ar fad trí thine. Is é an cuspóir a bhí leis an ngníomh siombaileach seo ná a thaispeáint do na Gaill go gcaithfidís a ngreim a scaoileadh d'Éirinn sa deireadh. D'íoc na hÓglaigh an-deachú, áfach, nó maraíodh cúigear acu, agus chimigh na Sasanaigh breis is ceithre scór d'fhir de chuid an IRA. Is é an rud a thaispeáin siad, dháiríre, ná nach raibh na hÓglaigh ábalta na Sasanaigh a chur i sáinn gan dul i dtuilleamaí na treallchogaíochta. Bhí na gunnaí gann agus an lón cogaidh féin ag rith orthu, agus mar a dúirt [[Risteard Ó Maolchatha]], dá fheabhas a bhí na hÓglaigh ag cur cogadh eadarnaíoch, "ní raibh siad in ann na Gaill a chaitheamh amach as aon áit ba mhó ná gnáthbhearaic de chuid na bpéas". Nuair a tháinig an Sos Cogaidh, bhí formhór na gceannairí, Mícheál Ó Coileán ach go háirithe, suite siúráilte nach raibh mórán teacht aniar fágtha san IRA, agus an cineál eagraíocht a bhí air. Mar sin, b'é an rún a bhí acu ná an cogadh a fhairsingiú go Sasana féin. Ar dtús, bhí siad meáite ar duganna [[Learphall|Learphaill]] a bhuamáil agus targaidí tábhachtacha eacnamaíochta eile a ionsaí. Bhí réamhshampla ann cheana, nó bhí naoi dteach stóir déag i
== Cogadh na Bolscaireachta ==
Líne 87:
Ócáid mhór bolscaireachta ab ea é Cogadh na Saoirse don dá thaobh. Le dílseacht a chothú i measc na bProtastúnach, chuir Rialtas Shasana in iúl go raibh na hÓglaigh ag iarraidh cearta na bProtastúnach a chur ar ceal. Má mharaigh an tIRA duine Protastúnach mar bhrathadóir, rinne bolscaireacht Shasana scúp an lae de, ach más Caitliceach a bhí i gceist, níor bacadh leis ar an dóigh chéanna. Is é an tátal a bhainfeá as an scéal gur [[cinedhíothú]] (nó [[cineghlanadh]], mar a deirtear inniu) a bhí idir lámhaibh ag an IRA. Is iomaí alt faoi staid na hÉireann a foilsíodh sna nuachtáin i Sasana a tháinig as biúró bolscaireachta na bpéas, mar sin.
Bhí na sagairt Chaitliceacha, nó an chuid ab fheiceálaí acu, - bhí siad ag lochtú mhí-úsáid na láimhe láidre ar an dá thaobh. Má bhí féin, b'iad na hÓglaigh a fuair an chuid ba mheasa den íde bhéil, nó bhí sé i ndúchas agus i dtraidisiún na hEaglaise Caitlicí Poblachtánachas na láimhe láidre a dhamnú. Is é an rud a dúirt Easpag na [[Mainistir na Coille Móire|Coille Móire]], an Dochtúir Finnegan: ''Ní féidir a rá go bhfuil cúis uasal le haon chogadh, ach dóchas ceart a bheith as an mbua, agus bunús maith leis an dóchas sin. Cén dóchas a bheadh ag aon duine as bua a bhreith ar chumhachtaí dochuimsitheacha na h[[Impireacht na Breataine|Impireachta]]? Diabhal an drae dóchas, muis; agus ós cogadh gan chúis dhlíthiúil atá ann, an té a mharóidh duine eile sa chogadh seo, níl ach gnáth-dhúnmharú déanta aige.'' Bhí an port céanna ag
Bhí [[Deasún Mac Gearailt]] agus [[Robert Erskine Childers|Erskine Childers]] ag foilsiú an ''Irish Bulletin'' nó Ráiteas na hÉireann, iris oifigiúil Phoblacht na hÉireann, a thugadh cumhdach nuachta do na himeachtaí nach raibh rialtas Shasana sásta a chur os comhair an tsaoil mhóir, go háirithe an loitiméireacht agus an t-éirleach a bhí fórsaí slándála na Breataine Móire a dhéanamh ar fud na hÉireann. Chuirtí an Ráiteas i gcló i bhfolach agus scaiptí ar fud na hÉireann é. D'fhaigheadh na preasghníomhaireachtaí a gcuid cóipeanna freisin, chomh maith le polaiteoirí Eorpacha agus Meiriceánacha, nó fiú Sasanacha, an chuid acu a bhí sásta cás na nÉireannach a thuiscint.
|