An difríocht idir athruithe ar: "Antoine Lavoisier"

Content deleted Content added
stíl, gramadach, tuilleadh eolais
No edit summary
Líne 7:
 
Ós fear uasal a bhí ann, bhí sé ina bhall dá lán comhairlí agus comhthionól a bhí ag na huaisle san Fhrainc, agus ba é ba thoradh dó seo nach raibh aon dea-chinniúint i ndán dó nuair a tháinig Muirthéacht na Fraince. Thar aon rud eile bhí baint aige leis an bh''Ferme générale'', sórt údarás leathoifigiúil a bhí ag gearradh cánach agus taillí custaim beag beann ar aon chumhacht os a chionn, agus na baill ag éirí saibhir ar na cánacha mar sin. Bhí fuacht na ndaol ag na réabhlóidithe ar an bh''Ferme générale'', agus ní ábhar iontais é go ndeachaigh Lavoisier faoi scian an ghilitín sa deireadh.
 
==A Shaol==
 
Rugadh Antoine-Laurent de Lavoisier do theaghlach saibhir i bPáras ar an 26ú lá de Mhí Lúnasa sa bhliain 1743. Bhí a athair ina aturnae i bParlaimint Pháras, agus fuair sé slám maith airgid mar oidhreacht nuair a fuair a mháthair bás cúig bliana i ndiaidh bhreith a mic. Ní raibh sé ach aon bhliain déag d'aois nuair a thosaigh sé ag foghlaim scoile i gCollège des Quatre Nations (nó Coláiste Mazarin) in Ollscoil Pháras. Chuir sé suim san eolaíocht i rith an dá bhliain dheireanacha a chaith sé ag freastal ar an scoil sin, agus ansin rinne sé staidéar ar an gceimic, an luibheolaíocht, an réalteolaíocht agus an mhatamaitic. Ba é an teagascóir fealsúnachta a bhí aige ná Nicolas Louis de Lacaille, matamaiticeoir agus réalteolaí breathnaitheach a tharraing súil an dalta ar chúrsaí na haimsire agus ar an meitéareolaíocht. Chuir Lavoisier an-suim sa mheitéareolaíocht go lá a bháis.
 
Chaith Lavoisier seal ag staidéar dlí freisin agus bhain sé amach dintiúirí an dlíodóra sa bhliain 1764, cé nár chleacht sé ceird an dlíodóra riamh. Lean sé leis ag foghlaim eolaíochta mar chaitheamh aimsire.
 
 
 
{{síol}}