An difríocht idir athruithe ar: "Corcaigh"

Content deleted Content added
Yoxem (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 23:
|líonláithreán = http://www.corcaigh.ie/
}}
Is í '''Corcaigh''' ({{lang-en|Cork}}) an dara cathair is mó i b[[Poblacht na hÉireann]] agus an triú ceann is mó ar oileán na h[[Éire]]ann. Is í príomhchathair [[Contae Chorcaí|Chontae Chorcaí]] agus [[Cúige Mumhan|Chúige Mumhan]] í, leisfreisin. Tá an chathair suite cois [[Cuan Chorcaí|Chuan Chorcaí]] agus Abhainn na [[An Laoi|Laoi]] in iardheisceart na h[[Éire]]ann, ag 51°54’ ó thuaidh agus 8°28’ thiar. Is í an Laoi príomhabhainn an cheantair, agus í ag rith trí Chathair Chorcaí. Tá lár na cathrach bunaithe ar oileán idir dhá chraobh na Laoi, sula sníonn sí isteach in inbhear [[Loch Machain]] agus ar aghaidh ansin go Cuan Chorcaí, - ceann de na cuanta nádúrtha is mó ar domhan. Is calafort tábhachtach í Corcaigh, agus go leor céanna agus dúganna suite in oirthear na cathrach. Tá 163,000 duine ina gcónaí i gCorcaigh (199,000 go léir sa chathair agus sna bruachbailte). Tá 399,802 duine ina gcónaí taobh amuigh den chathair i g[[Contae Chorcaí]] (de réir dhaonáireamh na bliana [[2011]]).
 
Tagann an t-ainm "Corcaigh" féin ón n[[Gaeilge]], nó is seantéarma Gaeilge é ''corcach'' a chiallaíonn portach, is é sin i nGaeilge an lae inniu thabharfá 'Portach' uirthi. Focal baininscneach é ''corcach'', agus mar a dhéantar lena lán focal den chineál seo, nuair a bhaintear úsáid as an logainm, caithfear é a chur sa tuiseal tabharthach. Is tagairt é seo don chineál talaimh atá le fáil ar bhruacha na Laoi. Tá clú ar chathair Chorcaí i dtaobh tuilte móra a dhéanann praiseach cheart de lár na cathrach, nuair a bhíonn taoide tuile agus báisteach throm ann. Tá cáil mhór an tírghrá ar Chontae agus Chathair Chorcaí ó thréimhse na [[Lochlannaigh|Lochlannach]] anuas. Dá bharr seo, is minic a dtugtar ''reibiliúnaigh'' (''Rebels'') ar mhuintir Chorcaí mar leasainm. Tá sé de nós ag muintir chathair Chorcaí "an fhíor-phríomhchathair" a thabhairt ar chathair a ndúchais freisin. Gné eile den mheon seo is ea iad na T-léinte agus an sluán "[[Daonphoblacht]] Chorcaí" litrithe orthu. Tá a leithéid de shuíomh gréasáin ann freisin agus ''People's Republic of Cork'' mar theideal orthu