An difríocht idir athruithe ar: "Canúint Ghaeilge Uladh"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Gaeilig in Uladh.jpg|thumb| An céatadán de na daoine i ngach limistéar riaracháin in [[Cúige Uladh|Ultaibh]] a bhfuil cumas acu [[Gaeilge]] a labhairt. (Contaetha de Phoblacht na hÉireann agus réimsí comhairle Dúiche Thuaisceart Éireann. ]]
Is [[canúint]] de chuid na [[Gaeilge]] í '''Gaeilge Uladh'''. Go bunúsach, is ionann Gaeilge Uladh inniu agus Gaeilge [[Contae Dhún na nGall|Thír Chonaill]], ó chuaigh na canúintí dúchasacha in éag in Oirthear [[Uladh]] sa chéad leath den [[20ú haois]]. Tá difríochtaí suntasacha idir Gaeilge Uladh agus na canúintí eile. Ós rud é go raibh an-spéis ag gníomhaithe agus ag saineolaithe teanga i n[[Gaeilge na Mumhan]] nuair a bhí teanga liteartha na Gaeilge á hathbheochan sa chéad leath den fhichiú haois, ba bheag duine taobh amuigh de [[Contae Dhún na nGall|Thír Chonaill]] a raibh eolas aige ar chanúint an chúige.
 
Tá athrú mór tagtha ar an scéal le himeacht na mblianta áfach, agus is dócha go bhfuil Gaeilge Uladh ar cheann de na canúintí is bisiúla sa lá atá inniu: Tá Gaeilge Uladh le clos ar stáisiúin raidió (m.sh. [[Raidió Fáilte]], [[BBC Raidió Uladh]]), le léamh in irisí (.m.sh. [[Nós]], [[An tUltach]]) agus tá cuid mhaith mhór dá saintréithe ceadaithe de réir an Chaighdeáin is déanaí (m.sh. Córas an tSéimhithe, an fhoirm choibhneasta den bhriathar, an fhoirm scartha den chéad phearsa iolra).