An difríocht idir athruithe ar: "Jean Bodel"

364 bytes added ,  5 bliana ó shin
m
Íomhá, naisc, srl.
(Leathanach cruthaithe le 'Trouvère-oirfideach ón gcathair Arras na Fraince ab ea '''Jean Bodel''', nó Jehan Bodel. Do rugadh é thart ar an mbliain 1165 agus do fuair sé bás thart ar an mbl...')
 
m (Íomhá, naisc, srl.)
[[Íomhá:Jehan Bodel - Li congié.jpg|mion|243x243px|Léiriú an fhile atá le feiscint i lámhscríbhinn ón 13ú haois. Is é John Bodel an té a bhfuil téacs ina lámh aige.]]
[[Trouvère]]-[[oirfideach]] ón gcathair [[Arras]] na [[An Fhrainc|Fraince]] ab ea '''Jean Bodel''', nó Jehan Bodel. Do rugadh é thart ar an mbliain [[1165]] agus do fuair sé bás thart ar an mbliain [[1210]]. Do bhain sé clú agus cáil amach leis na ''[[Chanson de geste|chansons de geste]]'' agus na ''[[Fabliau|fabliaux]]'' a scríobh sé as [[An tSean-Fhraincis|Sean-Fhraincis]].
 
Is é Bodel a scríobh an ''[[Chanson des Saisnes]]'' ([[An Ghaeilge|Gaeilge]]: 'Bailéad na Sacsanach'), bailéad faoin gcogadh a chuir [[Séarlas Mór]] ar na Sacsanaigh agus ar a dtaoiseach, Widukind - nó Guiteclin, mar a thugann Bodel air. Scríobh Bodel an ''[[Jeu de saint Nicolas]]'' (Gaeilge: 'Dráma Shan Nioclás') leis. Dráma is ea an ''Jeu de saint Nicolas'' a insíonn faoin gcaoi ina gcuireann [[Naomh Nioclás|San Nicolás]] ar ghadaithe, gadaithe a bhí tar éis ciste a ghoid ón rí, an ciste sin a thabhairt thar n-ais. Chomh maith leis an ndá phíosa sin, do scríobh Bodel go leor ''fabliaux'', ''Brunain la vache au prêtre'' (Gaeilge: 'Brunain, bó don sagart') ina measc.
 
Dob é Bodel an chéad duine, a bhfuil aithne againn air, a chuir ord ar na hábhair fhinscéalacha agus na ciogail liteartha a mbunaíodh scríbhneoirí Fraincise na [[An Mheánaois|Meánaoise]] a gcuid saothar orthu. Roinn sé na hábhair agus na ciogail sin i dtrí fhoghrúpa: an ''matière de Rome'' (Gaeilge: 'Ábhar na Róimhe'), nó na scéalta a bhaineann leis an Ré Chlasaiceach; an ''matière de Bretagne'' (Gaeilge: 'Ábhar na Breataine'), nó na scéalta a bhaineann leis an Rí Artúr; agus an ''matière de France'' (Gaeilge: 'Ábhar na Fraince'), nó na scéalta a bhaineann le Séarlas Mór agus na ridirí a bhí aige.
 
Sa bhliain [[1202]], tháinig an [[lobhra]] ar Bhodel agus chuaigh sé isteach i lobharlann, áit inar chaith sé na blianta deireanacha dá shaol. Agus an lobhra tagtha air, scríobh sé ''Congés'' (Gaeilge: 'Beannachtaí an té a imíonn'), sa dán sin chuir Bodel a bheannacht lena chairde agus leis an gcathair inar rugadh é. Ní hé An Bás ábhar an dáin a scríobh Bodel, ach bás an fhile féin. Ós rud é go bhfuil sé bunaithe ar phearsa agus ar shaol an fhile, tá áit lárnach ag an ndán seo i stair litríocht na Fraince: Ba iad ''Congés'' le Bodel agus na ''Rainn faoin mBás'' a scríobh [[Hélinand de Froidmont]] a chuir tús le modh nua filíochta i dtraidisiún na Fraince, filíocht phearsanta. Is filíocht den saghas sin a scríobhfadh [[Rutebeuf]], duine desna filí Francacha is iomráití díobh siúd a scríobh sa Meánaois.
 
{{Síol}}
514

edits