An difríocht idir athruithe ar: "Jean Bodel"

Content deleted Content added
m Íomhá, naisc, srl.
m Nasc
Líne 2:
[[Trouvère]]-[[oirfideach]] ón gcathair [[Arras]] na [[An Fhrainc|Fraince]] ab ea '''Jean Bodel''', nó Jehan Bodel. Do rugadh é thart ar an mbliain [[1165]] agus do fuair sé bás thart ar an mbliain [[1210]]. Do bhain sé clú agus cáil amach leis na ''[[Chanson de geste|chansons de geste]]'' agus na ''[[Fabliau|fabliaux]]'' a scríobh sé as [[An tSean-Fhraincis|Sean-Fhraincis]].
 
Is é Bodel a scríobh an ''[[Chanson des Saisnes]]'' ([[An Ghaeilge|Gaeilge]]: 'Bailéad na Sacsanach'), bailéad faoin gcogadh a chuir [[Séarlas Mór]] ar na Sacsanaigh agus ar a dtaoiseach, [[Widukind]] - nó Guiteclin, mar a thugann Bodel air. Scríobh Bodel an ''[[Jeu de saint Nicolas]]'' (Gaeilge: 'Dráma Shan Nioclás') leis. Dráma is ea an ''Jeu de saint Nicolas'' a insíonn faoin gcaoi ina gcuireann [[Naomh Nioclás|San Nicolás]] ar ghadaithe, gadaithe a bhí tar éis ciste a ghoid ón rí, an ciste sin a thabhairt thar n-ais. Chomh maith leis an ndá phíosa sin, do scríobh Bodel go leor ''fabliaux'', ''Brunain la vache au prêtre'' (Gaeilge: 'Brunain, bó don sagart') ina measc.
 
Dob é Bodel an chéad duine, a bhfuil aithne againn air, a chuir ord ar na hábhair fhinscéalacha agus na ciogail liteartha a mbunaíodh scríbhneoirí Fraincise na [[An Mheánaois|Meánaoise]] a gcuid saothar orthu. Roinn sé na hábhair agus na ciogail sin i dtrí fhoghrúpa: an ''matière de Rome'' (Gaeilge: 'Ábhar na Róimhe'), nó na scéalta a bhaineann leis an Ré Chlasaiceach; an ''matière de Bretagne'' (Gaeilge: 'Ábhar na Breataine'), nó na scéalta a bhaineann leis an Rí Artúr; agus an ''matière de France'' (Gaeilge: 'Ábhar na Fraince'), nó na scéalta a bhaineann le Séarlas Mór agus na ridirí a bhí aige.