An difríocht idir athruithe ar: "Breatimeacht"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 6:
I ndiaidh an reifrinn, thogh an [[An Páirtí Coimeádach (An Ríocht Aontaithe)|Páirtí Coimeádach]], páirtí a bhí i gceannas ar an Ríocht Aontaithe ag an am, Theresa May mar Phríomh-Aire agus gheall sise bille chun an ‘[[European Communites Act 1972]]’ (Gaeilge: ‘Acht na gComhphobal Eorpach 1972’) a chur ar ceal agus chun dlíthe Eorpacha atá ann a chomhtháthú le córas dlíthe na Ríochta Aontaithe féin. Níl téarmaí an imeachta socraithe go fóill agus, idir an dá linn, fanann an Ríocht Aontaithe ina ballstát den Aontas Eorpach.
 
Ba i 1973 a ghlac an Ríocht Aontaithe ballraíocht i g[[Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa]] (CEE), a bhí ann roimh an Aontas Eorpach, ballraíocht a dheimhnigh sí le reifreann sa bhliain 1975 inar vótáil 67% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le fanacht sa Chomhphobal. De ghnáth, thugtaí pobalbhreitheanna idir 1973 agus 2015 le fios go raibh formhór ann a thacaigh le fanacht mar bhall den CEE, den CE nó den AE. Le linn na 1970idí agus na 1980idí, ba iad baill de chuid [[Páirtí an Lucht Oibre (an Ríocht Aontaithe)|Pháirtí an Lucht Oibre]] agus daoine a bhí páirteach i gceardchumainn a mholadh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a fhágáil. Ó na 1990idí amach, ba iad polaiteoirí de chuid na gCoiméideach agus de chuid [[Páirtí Neamhspleách na Ríochta Aontaithe|UKIP]] (Gaeilge: ‘Páirtí um Shaoirse na Ríochta Aontaithe’), páirtí a bunaíodh sa bhliain 1993, a mholadh an Aontas Eorpach a fhágáil.
 
{{síol}}