An difríocht idir athruithe ar: "Tiarna na bhFáinní"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Foirm chanúnach (Ciarraí) é "púcaithe". "Púcaí" de réir an Chaighdeáin.
Líne 20:
Tá an scéal suite i ndomhan arb ionann é, ar bhealach, agus an domhan s'againn, ach san am céanna, is domhan é a bhí ann in aois réamhstairiúil nár fágadh ina diaidh ach macallaí doiléire. Ní hionann an mapa féin sa domhan seo agus inár ndomhan féin. Bhain Tolkien leas as a lán miotaseolaíochtaí le stair an domhain seo a sceitseáil. Mar shampla, tá tagairt ann do mhiotas Atlantis, ar thug sé Númenor air sa scéal seo. Nuair a thit imeachtaí Thiarna na bhFáinní amach, bhí Númenor imithe le fada, agus a mhuintir socraithe síos sa [[An Meán-domhan|Mheán-domhan]], mar a thug Tolkien ar an ilchríoch arb í príomhláthair na n-imeachtaí í. Tá an t-ainm ''Middle-earth'' bunaithe ar ''Middangeard'' an tSean-Bhéarla agus ar ''Miðgarður'' na hÍoslainnise. Sin é an t-ainm a thug miotaseolaíocht an dá theanga seo ar an domhan inar chónaigh an cine daonna.
 
Sa scéal, castar orainn pobail éagsúla a bhfuil baint acu go léir leis na himeachtaí, cosúil leis na Hobaid, na hEilbh, na Daoine, na hAbhaic, na Draíodóirí agus na hOirc (nó na PúcaithePúcaí). Is iad na Fáinní Cumhachta a cheanglaíonn cinniúintí na ndreamanna éagsúla seo dá chéile. B'é Sauron, an Tiarna Dubh, a shaoirsinigh an ceann is mó de na Fáinní le teas an bholcáin úd Orodruin, nó Sliabh na Cinniúna (Béarla: ''Mount Doom''). Le cumhacht an fháinne seo, is féidir leis smacht a choinneáil ar na fáinní cumhachta eile. Mar sin, leis an mbagairt seo a chur ar neamhní, ní mór an fáinne sin a dhíothú le tine an bholcáin chéanna.
 
I dtús an scéil, castar orainn na hobaid, pobal de dhaoine beaga a bhfuil cónaí orthu i gceantar na Síre (Béarla: ''The Shire''), agus nach bhfuil de rún acu ach a saol a chaitheamh go sona sásta suaimhneach síochánta. Iompaíonn sé amach, áfach, go bhfuil muintir na mBaigíneach, ceann de theaghlaigh uaisle na Síre, i seilbh an Fháinne Mhóir féin. An draíodóir Gandalf, seanfhear rúndiamhair a bhfuil aithne aige ar mhuintir Baggins, faigheann sé amach faoin bhfáinne, agus é buartha go dtiocfaidh Sauron ar a lorg. Mar sin, áitíonn sé ar Fródó Baigín, atá ag tabhairt aire don fháinne, an tSír a thréigean. Baineann Fródó amach Gleann na Scoilte (''Imladris'' in Sindarin), áit a bhfuil Elrond, seanchaí mór na nEalbh, ina chónaí. I dteach Elrond, tagann ionadaithe na nDaoine, na nEalbh agus na nAbhac le chéile le socrú, céard atá le déanamh leis an bhFáinne. Socraítear go dtabharfar an Fáinne go dtí an áit ar saoirsiníodh é an chéad uair, agus titeann sé ar chrann Fródó an Fáinne a chaitheamh isteach sa tine. Is iomaí eachtra a chuireann seisean de, chomh maith leis na príomhlaochra eile, nó cé nach bhfuil Sauron i seilbh an Fháinne go fóill, tá a chuid cumhachta ag dul i méid, agus é ag cur cogaidh leis an gcuid eile den Mheán-Domhan a chur faoina smacht.