An difríocht idir athruithe ar: "Bolcán"

14 bytes added ,  4 bliana ó shin
m
no edit summary
m
Tugtar "baill the" orthu, mar shampla [[Haváí]], agus samhlaítear go dtagann siad chun cinn ó thonnadh aníos diaipirí le magma ó theorainn an chroí is an mhaintlín, 3,000 km faoi dhromchla an domhain. De ghnáth, ní chruthaítear bolcáin nuair a shleamhnán dhá phláta teicteonach thar a chéile.
 
D'fhéadfadh bolcáin, atá ag brúchtadh, a bheith contúirteach go leor, ní hamháin i ngarchomharsanacht an bhrúchta. Mar shampla, d'fhéadfadh a leithéad agus luaithreamhán bolcánach a bheith ina bhagairt ar [[aerárthach| aerárthaí]], go háirithe scairdeitleáin; mar is féidir luaithcháithníní a leáigh ag ardtheocht na n-inneall, agus ansin is féidir le caithníní leáite cloí chuig lanna an tuirbín agus a gcruth a athrú, rud a d'fhéadfadh cur isteach ar oibriú an tuirbín. D'fhéadfadh brúchtaí móra tionchar a imirt ar an aertheocht, mar is féidir le luaithreach agus braoiníní d'aigéad sulfarach an ghrian a chur i bhfolach agus an atmaisféar an Domhain (nó trópaisféar) a fhuarú; mar sin féin, ionsúnn siad an teas radaithe ag teacht aníos ón Domhan, ar an dóigh sin téitear an atmaisféar uachtarach (nó strataisféar). Go stairiúil, geimhrí 'bolcánacha Geimhrí' a ghlaoití orthu siúd agus bhí siad freagrach as gortaí tubaisteacha.