An difríocht idir athruithe ar: "Cathal Ó hEochaidh"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 29:
Chuaigh sé isteach sa Fórsa Cosanta Áitiúil i rith "[[Ré na Práinne]]" i 1941 agus d'fhan sé ann go dtí gur toghadh é go [[Dáil Éireann]] i 1957.
 
Ar Lá an Bhua san Eoraip dhóigh Ó hEochaidh agus roinnt scoláirí UCD eile brat na Ríocht Aontaithe ar [[Faiche an Choláiste]], lasmuigh de [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath]] nuair a chuir an Coláiste bratanna na [[Comhghuaillithe|Comhghuaillaithe]] ag eitilt ag deireadh an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]].
 
== Luathshaol Polaitíochta ==
Phós sé Maureen Lemass i [[1951]]. B'iníon í seo le [[Seán F. Lemass]], a bhí ina Thaoiseach ag an am. Toghadh go [[Dáil Éireann|Dháil]] é don chéad uair sa bhliain [[1957]].
 
== Triail na n-Arm ==
Ag deireadh na seascaidí, bhris foréigean amach i d[[Tuaisceart na hÉireann]]. Bhí Ó hEochaidh ina [[Aire Dlí]] i gcaibinéad [[Seán Ó Loingsigh|Sheáin Uí Loingsigh]] ag an am. Ní fhacthas Ó hEochaidh mar taobhaitheoir leis an bhfeachtas foréigin ó thuaidh agus mar sin, bhí ionadh ann nuair a sacáladh Ó hEochaidh agus [[Niall Blaney]] ón gcaibinéad mar gheall ar líomhaintí gur úsáideadh airgead Stáit le airm a iompórtáil don [[IRA]]. Tógadh an bheirt chun triail in éineacht leis an gCaptaein [[James Kelly]], agus fear gnó ón m[[An Bheilg|Beilg]] darbh ainm [[Albert Luykx]]. Éigiontaíodh an ceathrar agus ceapadh go raibh saol polaitíochta Uí Eochaidh thart. Chaith sé roinnt blianta ar na cúlbhinsí ag iarraidh tacaíocht a ghineadh dó féin ón mbonn aníos.