An difríocht idir athruithe ar: "Cúige Uladh"

16 bytes removed ,  4 bliana ó shin
no edit summary
m
Tá an loch is mó in Éirinn nó sa [[Breatain|Bhreatain]], [[Loch nEathach]], in oirthear Uladh. Éiríonn an abhainn is mó in Éirinn, an t[[Sionainn]], i gContae Chabháin. Tá an lárphointe geografach an chúige gar do [[Cabhán an Chaorthainn|Chabhán an Chaorthainn]], i dTír Eoghain. Is é [[Béal Feirste]] an chathair is mó.
 
== An GhaeilgeGaeilge i gCúige Uladh ==
 
Labhraítear an [[Gaeilge|Ghaeilge]] mar [[gnáthurlabhra phobail|ghnáthurlabhra phobail]] inniu i n[[Gaeltacht]] Thír Chonaill, i gContae Dún na nGall. Tá [[Gaeilge Uladh|canúint ar leith]] á labhairt sa chúige, agus is minic a fhaigheann Gaeilgeoirí ó chodanna eile den tír Gaeilge Uladh sách deacair le tuiscint. Bíonn scríbhneoirí an chúige ag tarraingt ar thobar na canúna seo go minic, agus a cuma le haithint fiú ar a saothar siúd nach bhfuil an teanga ó dhúchas acu. Tá meon an neamhspleáchais ag baint le Gaeilgeoirí an tuaiscirt ar dhóigheanna eile, fosta. B'é [[an tAthair Lorcán Ó Muirí]] a chuir an chéad síol leis an meon sin, nuair a bhunaigh sé [[Comhaltas Uladh]], an eagraíocht a dhéanann gnó [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]] sa Tuaisceart.
 
Tá [[gluaiseacht na Gaeilge]] láidir i dTuaisceart Éireann, agus is í cathair [[Béal Feirste|Bhéal Feirste]] an t-aon áit amháin lasmuigh den Ghaeltacht thraidisiúnta inar éirigh leis na Gaeilgeoirí leanúnachas na teanga a chinntiú ó ghlúin go glúin agus Gaeltacht nua a bhunú.
Úsáideoir gan ainm