An difríocht idir athruithe ar: "An tAontas Sóivéadach"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
mNo edit summary |
||
Líne 69:
Sa bhliain [[1928]], chuir Stailín tús leis an chéad Phlean Cúig Bliana san Aontas Sóivéadach. Murab ionann agus an dearcadh idirnáisiúnta a bhí á chur in iúl ag Léinín agus ag Trotscaí ó thús na réabhlóide, bhí na Pleananna Cúig Bliana meáite ar an Sóisialachas a chur ar bun in aon tír amháin. Chuaigh an Stát i gceannas ar na monarchanna agus ar na fiontair thionsclaíocha ar fad a bhí ag obair sa tír, agus bunaíodh feirmeacha comhsheilbhe ([[Calchas|calchais]]) ar fud an Aontais Shóivéadaigh. D'iompaigh an tír ina cumhacht mhór tionsclaíochta, ach san am céanna, fágadh cuid mhór den daonra ar an mblár fholamh. Chuir na scológa go fíochmhar in aghaidh bhunú na gcalchas, agus nuair a chuaigh na húdaráis i dtuilleamaí na láimhe láidire, fuair na milliúin de dhaoine bás sa teagmháil. Níor tháinig aon mhaolú ar chorraíl na sochaí sna tríochaidí ach an oiread. Phurgaigh an Stailín an páirtí le fáil réitithe de na sean-Bhoilséivigh a thabhaigh a dhintiúirí ó Léinín féin, agus chuir sé daoine ní b'óige, ní ba sochomhairlí ina n-áit. San am céanna, cimíodh na mílte gnáthshaoránaigh Shóivéadacha ar chúiseanna doiléire, agus murar maraíodh scun scan iad, cuireadh i gceann de na campaí daoroibre iad. Tógadh mogalra uilechuimsitheach de na campaí seo ar fud na tíre, agus údarás ar leith á riar is á reachtáil - [[GULag]], nó Príomhúdarás na gCampaí Géibhinn. B'é ba chuspóir leis na campaí seo go hoifigiúil ná obair fhónta a sholáthar do "choirpigh" le hiad a chur ar bhealach a leasa, ach is é an rud a bhí ag tarlú dháiríre ná go raibh na fíorchoirpigh ag mursantacht ar na campaí ar fad, nuair nach raibh meas an mhadra ag na séiléirí ná ag na coirpigh ar na cimí polaitiúla, nár thuig go leor acu go raibh aon rud as cosán déanta acu ar aon nós.
Cé go raibh an tIarthar agus an tAontas Sóivéadach mímhuiníneach as a chéile, mhéadaigh ar an gcomhoibriú eatarthu i rith na dtríochaidí. Sa bhliain [[1933]], thosaigh an caidreamh
I dtús na tréimhse iarchogaidh, rinne an tAontas Sóivéadach a gheilleagar a atógáil agus a fhairsingiú, ach níor maolaíodh ar lárstiúradh an chórais. Chabhraigh an tAontas Sóivéadach le bail nua a chur ar thíortha Oirthear na hEorpa freisin, ach san am céanna, chuir sé an córas Cumannach i bhfeidhm sna tíortha sin freisin, agus hiompaíodh ina stáit shatailíteacha iad. Bhí gach tír acu á rialú ag rialtas soip, agus iad uile á gceangal den Aontas Sóivéadach trína mballraíocht i gConradh Vársá agus in eagraíocht eacnamaíoch na dtíortha Cumannacha ([[COMECON]]). I bhfianaise an impiriúlachais seo, d'iompaigh an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe, a bhí ina gcomhghuaillithe ag an Aontas Sóivéadach i mblianta an chogaidh, - d'iompaigh siad ina naimhde. Thosaigh an Cogadh Fuar idir an tAontas Sóivéadach agus na Stáit Aontaithe nár tháinig deireadh leis sular thit an tóin as an gCumannachas.
|