An difríocht idir athruithe ar: "Plútón (abhacphláinéad)"
Content deleted Content added
Líne 13:
Nuair a bhí an [[19ú haois|naoú haois déag]] ag druidim chun deiridh, thosaigh na [[Réalteolaí|réalteolaithe]] ag déanamh go raibh conair Neiptiúin faoi thionchar den chineál chéanna, agus iad ag dul ar lorg pláinéad eile fós. Sa bhliain 1909, bhí William H. Pickering agus [[Percival Lowell]] ag moladh [[Comhordanáidí polacha|comhordanáidí]] éagsúla neamhaí don phláinéad sin. I Mí na [[Bealtaine]] sa bhliain 1911, d'fhoilsigh an réalteolaí Indiach Venkatesh Ketakar [[Figiúr|figiúir]]í ar bhullaitín na réalteolaithe [[Francach]]a inar thairngir sé suíomh an phláinéid nach raibh aimsithe fós. Cailleadh Percival Lowell sa bhliain 1916, ach níor tháinig deireadh leis na hiarrachtaí teacht ar an bpláinéad a bhí ag teastáil.
B'é an réalteolaí [[Clyde Tombaugh]], agus é ag obair i Réadlann Lowell in [[Arizona]], a chuir an chéad sonrú i bPlútón ar an [[18 Feabhra]] 1930. Lean sé ar aghaidh ag cur grianghrafanna den spéir i gcomparáid<ref>Leis an ngléas "Astrograph", rinne Clyde Tombaugh fótagraif den chuid den spás inar aimsigh sé an abhacphlainéad Plútón</ref> le chéile.<
Íorónta go leor, ní raibh Plútón in ann an oiread tionchair a imirt ar ghluaiseacht Neiptiúin agus a síleadh, nó níl sé in aon chóngar do bheith chomh trom sin. Is é is cúis leis na "mírialtachtaí" a sonraíodh i ngluaiseachtaí an phláinéid ná nach raibh mais Neiptiúin [[Measúnú|measúnaithe]] i gceart ag réalteolaithe na [[19ú haois|naoú haoise déag]]. Má chuidigh figiúirí Pickering, Lowell, agus Ketakar le Tombaugh teacht ar an lorg ceart, ní raibh ann ach comhtharlúint iomlán.
|