Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

4 bytes removed ,  2 bhliain ó shin
m
no edit summary
Is í '''Béiriút''' ([[Araibis]]: بيروت, traslitriú: Bayrūt) [[príomhchathair]] agus príomhphort na [[An Liobáin|Liobáine]], agus is í an chathair is mó sa tír. Tá cónaí ar 1.2 milliún daoine sa chathair agus 2.1 milliún sa chúlchríoch.
 
Bhí Béiriút ar na hionaid chultúrtha agus tráchtála ba thábhachtaí sa Mheánoirthear ó lár na naoiú[[19ú haoise déaghaois]] i leith. Sa bhliain 1866 chuir misinéirí Meiriceánacha an Coláiste Protastúnach Siriach ar bun sa chathair agus é ar na chéad institiúidí ardléinn ar mhúnla Iartharach sa réigiún; mar fhreagair air sin d'oscail na hÍosánaigh Ollscoil San Iósaf sa bhliain 1875. Ó na 1920idí i leith tháinig preas beoga as Araibis agus Fraincis araon chun cinn sa chathair. Ionad tábhachtach don fhoilseoireachtfhoilsitheoireacht as Araibis ab í Béiriút freisin, go háirithe i ndiaidh na 1950idí nuair a tháinig deachtóireachtaí chun cumachtacumhachta i dtíortha eile sa réigiún. Bhí tionscnamh baincéireachta an Mheánoirthir lonnaithe don chuid is mó i mBéiriút go dtí na 1970idí.
 
Ní hamháin muintir na Liobáine ó dhúchas a chuir le daonra na cathrach ach dhá ghluaiseacht mhór teifeach fosta: na hAirméanaigh a theith ó shléachtanna na nOtamánach sa bhliain 1915 agus a chuir faoi i dtuaisceart na cathrach, ag Burj Hammoud, agus na Palaistínigh a díbríodh óna n-áiteanna dúchais nuair a bunaíodh Stát Iosrael sa bhliain 1948 agus a chuir faoi i roinnt campaí ar a n-áiríodh Burj al-Barajneh, Karantina, Tell az-Zaatar, Sabra agus Chatila.
 
D'imir [[Cogadh Cathartha na Liobáine]] scrios ar chuid mhaith de Bhéiriút. Sa chogadh sin throid mílístí Críostaí i gcoinne mílístí Moslamacha agus forsaífórsaí armtha Palaistíneacha; ghlac an tSiria agus Iosrael páirt sa chogadh fosta. D'éirigh leis na fórsaí Críostaí smacht a chur ar oirthear na cathrach, agus bhí na Palaistínigh agus fórsaí an Ghluaiseachta Náisiúnaigh Liobánaigh i gceannas ar an taobh ó thiar. Scriosadh an chuid ba mhó de shean-lár na cathrach, a bhí suite ar an bhfronta idir an dá leath. Mhair an cogadh ó 1975 go 1990. Tosaíodh ar atógáil na cathrach ina dhiaidh, le hairgead an bhilliúnaí [[Rafik Hariri]], a bhí ina phríomhaire freisin. Sa phróiséasphróiseas sin, leagadh a raibh fágtha de sheanfhoirgintí chroílár Bhéiriút agus bhí conspóid ann maidir leis an bhealach a cúitíodh na hiar-áitritheoirí.
 
D'fhulaing an chathair ruathair bhuamála Iosraelacha i mí Iúil agus i mí Lúnasa [[2006]] agus iad siúd ag iarraidh an ruaig a chur ar fhórsaí [[Hisbollah]] i ndeisceart na Liobáine. Rinneadh ionsaí ar aerfort Rafik Hariri ar an [[13ú Iúil]] agus dúnadh é go deireadh na comhraice.
De réir nach raibh [[daonáireamh]] san [[An Liobáin|Liobáin]] ón bhliain 1932<ref>http://www.moe.gov.lb/NR/rdonlyres/2B3E4CAE-BD18-4106-A6B3-F42DDD72AAC9/0/Chap1Population.pdf</ref>, níl aon fhigiúirí iontaofa le fáil maidir le méid a lucht cónaithe.
 
Go [[stair]]iúil b'iad na Moslamaigh Shunnacha, na Críostaithe Ceartchreidmheacha Gréigeacha agus na Críostaithe Caitliceacha Gréigeacha, na seicteanna reiligiúnacha ba mhó i mbailte móra an chósta Liobánaigh. Sa dara leath den naoiú[[19ú aois déaghaois]] tháinig borradh ar líon na gCríostaithe Marúnacha agus na nDrúsach a d'aistrigh go dtí an chathair óna n-áiteanna dúchais i Sliabh Liobáine. Ó 1915 tá pobail thábhachtacha de Chríostaithe Ceartchreidmheacha Airméanacha agus de Chríostaithe Caitliceacha Airméanacha ina gcónaí sa chathair fosta. Tar éis an dara cogadh domhanda amháin a thosaigh inimirce suntasach ó na réigiúin bhochta imeallacha ina raibh cónaí ar Shíigh na Liobáine, ceantar Jabal Amil i ndeisceart na tíre go háirithe. Tháinig luas faoin inimirce sin le linn an chogaidh chathartha nuair a bhí cúinsí fíor-olc sa deisceart agus na hIosraelaigh, na Palaistínigh agus dreamanna eile i mbun cogaíochta ann. Anois tá siad ar na seicteanna is líonmhaire sa chathair agus an chuid is mó acu ina gcónaí i ndeisceart na cathrach, i gceantair bhochta ar a dtugtar Al-Dahiya ("an bruachbhaile"). Bhí roinnt [[Giúdaigh|Giúdach]] ina gcónaí i gceantar beag darbh ainm "Wadi Abu Jamil", i ngaire don lár na cathrach, ach d'imigh siad ón áit sin le linn an chogaidh chathartha. Athosclaíodh sionagóg an cheantair sa bhliain 2010, mar sin féin, nuair a deisíodh ar deireadh thiar an díobháil a rinne buamaí Iosraelacha dó le linn an chogaidh chathartha. Bíonn an teannas seictiúil ina fhadhb sa chathair ó am an [[cogadh cathartha|chogaidh chathartha]] i leith.
 
== Tagairtí: ==
8,837

edits