An difríocht idir athruithe ar: "Ré na Práinne"

7 bytes removed ,  2 bhliain ó shin
m
no edit summary
m
m
'''Ré na Práinne''' (nó "An Éigeandáil", uaireanta, mar lomaistriúchán ar an téarma [[Béarla]] ''Emergency'') a thugtar ar bhlianta an [[Dara Cogadh Domhanda]] in [[Éire|Éirinn]] (1940-1945). Bhí [[Tuaisceart Éireann]] ag glacadh páirte sa [[cogadh|chogadh]] ar nós na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] go léir, ach d'fhan an chuid eile den [[oileán]], an [[Saorstát Éireann|Saorstát]] taobh amuigh den chogadh. Bhítí, fiú, ag seachaint an chogaidh mar ábhar plé sna nuachtáin agus sna meáin eile.
 
Thosaigh Ré na Práinne b'fhéidir ar an [[19 Feabhra]] [[1939]] nuair a dúirt De Valera go mbeadh Éíre neodrach.<ref>[http://www.rte.ie/archives/2014/0219/505127-ireland-to-be-neutral-in-event-of-war-de-valera/ RTÉ]</ref>
 
==Na Cúiseanna ==
De réir mar a deir Thomas Hennessy ina leabhar ''The History of Northern Ireland'', bhí polaiteoirí ceannasacha Thuaisceart Éireann scanraithe as a meabhair ag [[Adolf Hitler|Hitler]], agus iad suite siúráilte go raibh an [[Naitsíochas]] ag iarraidh an [[Críostaíocht|Chríostaíocht]] agus an gnáthchuibheas daonna féin a chur de dhroim an tsaoil.
 
Bhí an [[Tiarna Craigavon]], a fuair bás sa bhliain 1940, ag cur na ceiste air féin, laethanta deireanacha a shaoil, an mbeadh sé sásta [[An Teorainn Éireannach|an Teorainn]] a chur ar ceal agus Éire a athaontú, dá rachadh de Valera chun cogaidh in éadan na Gearmáine.
 
Is é an tátal a bhain sé féin as an scéal go mbeadh, b'fhéidir. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh na h[[Aontachtóirí]] i bhfad ag cromadh ar a gcuid seansciolladóireachta faoi fheall na g[[Caitliceach]], ó d'fhan an chuid eile d'Éirinn neodrach. Sa deireadh, ní dhearna an cogadh ach méadú agus athneartú ar a seandearcadh frith-Chaitliceach.
 
==Cultúr==
Bhí an meon féinchothaitheach, neamhspleách seo le haithint i gcúrsaí an chultúir freisin. Chuir muintir na hÉireann spéis nua i gcultúr dúchasach na tíre, an [[Gaeilge|Ghaeilge]] san áireamh, agus tháinig eagraíochtaí nua Gaeilge ar an bhfód, go háirithe [[Glúin na Buaidhe]] (leagan [[Gaeilge Uladh|Ultach]] é sin; "Glúin an Bhua" a deirtear sa chaighdeán) a raibh [[Gearóid Ó Cuinneagáin]] agus [[Proinsias Mac an Bheatha]] i gceannas uirthi. Craobh de chuid [[Conradh na Gaeilge|an Chonartha]] a bhí ann ar dtús, [[Craobh na hAiséirí]].
 
==Arm na hÉireann==
8,961

edits