An difríocht idir athruithe ar: "Súfaíochas"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Mevlana Konya.jpg|mion|Deirbhísigh ag déanamh fiodrince os comhair thuama Mawlānā Rumi, máistir Súfaíoch, in Konya, sa [[An Tuirc|Tuirc]]]]
Is éard atá i gceist leis an '''Súfaíochas''' nó '''Taṣawwuf''' ([[Araibis]]: التصوف‎‎), ná gluaiseacht mhisteach reiligiúnach a tháinig ar an bhfód i measc na [[An tIoslam|Muslamach]] san ochtú haois. Deir na Súfaithe go bhfuil siad meáite ar an [[anam]] a imghlanadh agus na constaicí idir an anam agus [[Dia]] a bhriseadh. Thosaigh an [[litríocht]] Shúfaíoch ag éirí fairsing timpeall na bliana 1000, agus inniu is féidir teacht ar lucht leanúna na gluaiseachta ar fud an domhain. I Ré Órga an Ioslaim bhí an-ráchairt ar an smaointeoireacht Shúfaíoch, agus ba bheag file Ioslamach nár imir an Súfaíochas tionchar éigin air.