Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

m
no edit summary
== Stair ==
 
Páirc [[lúthchleasaíocht]]a a bhí san áit fiú sular tógadh an staidiam, agus is é an t-ainm a bhí air ná ''Jones Road Sportsground''. I ndiaidh bhunú Chumann Lúthchleas na nGael sa bhliain [[1884]], thosaigh lucht an chumainn ag baint úsáide as an bpáirc seo go tráthrialta le [[Cluiche|cluichí]] Gaelacha a imirt agus le [[liathróid]] a bhualadh. B'anseo a himríodh an dá chluiche ceannais uile-Éireannach sa bhliain [[1896]] mar chlabhsúr ar chraobh na bliana [[1895]]. Sna blianta sin, bhí an CLG ag síorfhás, agus tábhacht na [[páirc]]e ag dul i méid dá réir. Tuigeadh do [[Proinsias Ó Duinnín|Phroinsias Ó Duinnín]], ball den ChLG a bhí ina iriseoir, cé chomh tábhachtach agus a bhí an pháirc ag na lúthchleasaithe Gaelacha, agus cheannaigh sé í luach £3,250 sa bhliain [[1908]]. Dhíol seisean an pháirc leis an gCumann sa bhliain [[1913]], agus b'ansin a fuair an áit an t-ainm atá uirthi inniu, is é sin, ''Páirc an Chrócaigh'', in onóir phátrún an Chumainn, an t-Ard-Easpag [[Thomas Croke]].
 
[[Íomhá:Croke Park from the hill.jpg|thumb|left|400px|Páirc an Chrócaigh tar éis a cuid athchóirithe, le linn [[Craobh Shinsir Peile na hÉireann|Chluiche Ceannais Peile na hÉireann]] i [[2004]].]]
Ar an [[21 Samhain]] [[1920]], tharla sléacht ann faoi lámh na bpóilíní cúnta inar maraíodh triúr duine déag, beirt imreoir ina measc ón gcluiche peile a bhí ar siúl idir Baile Átha Cliath agus [[Tiobraid Árann]] ar an lá, Séamus Ó hAogáin agus Mícheál Ó hÓgáin. Tugtar [[Domhnach na Fola (1920)|Domhnach na Fola]] ar an eachtra seo. Bhí an [[Cogadh Angla-Éireannach]] faoi lán seol san am agus ní ba luaithe ar an lá céanna, mharaigh scuad [[Mícheál Ó Coileáin|Mhícheál Uí Choileáin]] ceathrar oifigeach faisnéise déag de chuid [[Sasana|Shasana]], agus cineál díoltas ab ea é an t-ionsaí a rinneadh ar Pháirc an Chrócaigh.
 
Sna [[1920í|fichidí]], thosaigh an CLG ar staidiam mhór a thógáil. Tógadh Ardán Uí Chíosóig sa bhliain [[1927]], agus é ainmnithe as [[Mícheál Ó Cíosóig]] ón g[[Contae an Chláir|Clár]], duine de bhunaitheoirí an Chumainn. Sa bhliain [[1952]] tógadh Ardán Nally, agus é ainmnithe i ndil[[Cuimhne|chuimhne]] ar dhuine eile de na [[bunaitheoirBunaitheoir]]í, [[P.W.Nally]].
 
== Inniu ==
8,845

edits