An difríocht idir athruithe ar: "Úráiniam"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata) - The interwiki article is not good
Séimhiú (réad coincréiteach i ndiaidh "ar")
Líne 15:
[[Íomhá:Atomic cloud over Hiroshima.jpg|thumb|left|Pléasc an bhuama adamhaigh in [[Hiroshima]]]]
 
Ba é an ceimiceoir Gearmánach Martin Heinrich Klaproth a d'aithin an t-úráiniam agus a d'ainmnigh é sa bhliain 1789. An púdar dubh a d'aonraigh Klaproth, níorbh é an t-úráiniam féin é, mar a shíl sé, ach ocsaíd an úráiniam. Ba é Eugène-Melchior Péligot a rinne an chéad eiseamal den mhiotal féin, sa bhliain 1841.Níor tuigeadh radaighníomhaíocht an úráiniam roimh dheireadh na naoú haoise déag, nuair a d'aithin an t-eolaí Francach Henri Becquerel go raibh an úráinildéshulfáit potaisiam K<sub>2</sub>UO<sub>2</sub>(SO<sub>4</sub>)<sub>2</sub> in ann "smúit" a fhágáil ar plátaphláta neamhnochta grianghrafadóireachta. Is é an tátal a bhain sé as an scéal go raibh gathanna dofheicthe ag teacht as an úráiniam agus go raibh na gathanna seo ag oibriú ar an bpláta mar a bheadh solas iontu.
 
Is é an ochtocsaíd trí-úráiniam, U<sub>3</sub>O<sub>8</sub>, an chomhdhúil is tábhachtaí agus is cobhsaí dá bhfuil ag an úráiniam. Is ionann í agus an phicbhleind. Ocsaíd thábhachtach eile í an dé-ocsaíd, UO<sub>2</sub>. Tá a lán staideanna ocsaídiúcháin ag an úráiniam, ach is iad +IV agus + VI na huimhreacha ocsaídiúcháin is coitianta. Ian tábhachtach é an t-ian úráinile UO<sub>2</sub><sup>2+</sup>. San ian seo, is é an staid ocsaídiúcháin atá ag an úráiniam ná +VI, agus téann an t-ian i gcomhdhúile le hainiain na n-aigéad: samplaí iad an chlóiríd úráinile UO<sub>2</sub>Cl<sub>2</sub> agus an tsulfáit úráinile UO<sub>2</sub>SO<sub>4</sub>.