An difríocht idir athruithe ar: "Triathghás"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is iad na '''triathgháis''' grúpa nialasach nó deireanach ar [[Tábla peiriadach|chlár peiriadach na ndúl]]. Tugtar ''gáis thámha'' orthu freisin. Is gáis iad go léir ag gnáth-theochtaí. Cheaptaí ar feadh i bhfad nach raibh siad in ann dul i gcomhdhúile ceimiceacha, agus is ar an ábhar seo a tugadh an aidiacht triath orthu. Inniu áfach tá na ceimiceoirí in ann comhdhúile a dhéanamh a bhfuil ceann de na triathgháis is troime (an xeanón, go tipiciúil) ina chomhchuid iontu, ach tá ocsaídeoirí thar a bheith láidir de dhíth le sin a dhéanamh. Cuimsíonn an grúpa [[héiliam]], [[neon]], [[argón]], [[crioptón]], [[xeanón]], agus [[radón]].
 
Is é is cúis le támhacht cheimiceach na dtriathghás ná go bhfuil ocht leictreon - [[ochtréad]] iomlán - ar an sceall leictreon is faide amuigh acu (amach ón héiliam, nach bhfuil áit ach do dhá leictreon ar an t-aon sceall leictreon amháin aige). Tá an struchtúr seo iontach cobhsaí, agus a lán dúl leictreonach ag iarraidh an t-ochtréad a bhaint amach ina gcuid comhdhúl - rud a dtugtar [[riail an ochtréid]] air. (I gcás an neoin, níl áit ar an sceall leictreon is faide amuigh aige ach d'ocht leictreon pé scéal é.)
 
{{Fréamh an Eolais}}