An difríocht idir athruithe ar: "John Wyndham"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 11:
| duaiseanna =
}}
[[Scríbhneoir]] [[Sasana]]ch ab ea é '''John Wyndham Parkes Lucas Beynon Harris''' ([[10 Iúil]] [[1903]] - [[11 Márta]] [[1969]]). Is é an t-ainm cleite is minicí a chleachtaíodh sé ná '''John Wyndham''', cé go n-úsáideadh sé leaganacha gearrtha eile dá fhíor-ainm freisin, ar nós ''John Beynon'' nó ''Lucas Parkes''. Sa chuid ba mhó dá chuid scríbhneoireachta, bhíodh sé ag plé olltubaistí [[domhan]]da agus an dóigh a dtiocfadh an [[cine daonna]] chuige féin arís i ndiaidh na tubaiste.
 
== A Shaol ==
 
Mac [[dlí]]odóra ó [[Warwickshire]] a bhí ann, agus i ndiaidh dó freastal ar [[scoil]]eanna éagsúla, go háirithe Scoil Bedales i [[Hampshire]], thug sé aghaidh ar an [[saol]] agus bhain sé triail as gairmeacha difriúla beatha. Chaith sé tamall ag [[Feirmeoireacht ainmhithe|feirmeoireacht]], tamall ag staidéar [[dlí]], agus tamall ag obair do ghnólacht [[fógraíocht]]a, ach ní raibh mórán ratha ar na hiarrachtaí seo, tríd is tríd.
 
Le linn [[an Dara Cogadh Domhanda]], bhí sé ag cinsireacht ar dtús, ach ansin, chuaigh sé sna [[saighdiúir]]í. I ndiaidh an [[cogadh|chogaidh]], chrom sé ar an scríbhneoireacht arís, agus é ag iarraidh stíl nua a thabhairt isteach san [[ficsean eolaíochta|fhicsean eolaíochta]], stíl chiúin [[intleacht]]úil a bhí bun os cionn ar fad leis an g[[ceoldráma spáis]] agus leis na cathanna móra spáis nár thaitin le Wyndham.
 
Ba é ''The Day of the Triffids'' an chéad [[úrscéal]] a scríobh sé sa stíl seo, agus thabhaigh sé an-chlú dó. Sa bhliain 1963, [[pósadh|phós]] sé bean darbh ainm Grace Wilson a raibh aithne aige uirthi le fiche éigin bliain anuas. Chuaigh siad ina gcónaí i b[[Petersfield]] i gContae Hampshire, in aice le Scoil Bedales, an ceann ab fhearr le Wyndham de na scoileanna ar fad ar fhreastail sé orthu ina bhrín óg dó. I bPetersfield a shíothlaigh sé sa bhliain 1969. San am sin, bhí a chuid luathshaothar ó na hirisí [[Meiriceánach]]aMeiriceánacha á gcur in athchló, agus foilsíodh cuid áirithe dá chuid scríbhinní an chéad uair i ndiaidh a [[bás|bháis]].
 
== A Shaothar ==
 
Bhí sé ag scríobh [[scéaltscéal]]ata agus á bhfoilsiú ar irisí [[Meiriceá]]nacha roimh an gcogadh féin, ach is i ndiaidh an chogaidh a tháinig an chuid is clúití dá shaothar ar pár, go háirithe na h[[úrscéal]]ta ''The Day of the Triffids'' (1951), ''The Kraken Wakes'' (1953), ''The Chrysalids'' (1955), ''The Midwich Cuckoos'' (1957), ''Trouble with Lichen'' (1960), ''Chocky'' (1968) agus ''Web'' (foilseachán iarbháis, 1979). Bíonn imeachtaí a chuid leabhar suite i saol na [[Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] sna [[1950idí|caogaidí]], agus iad ag taispeáint saol ciúin idileach á stróiceadh as a chéile ag olltubaiste a bhaineann don domhan go léir.
 
=== ''The Day of the Triffids'' ===