An difríocht idir athruithe ar: "Sacar"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 8:
Go bunúsach, is seanspórt é an sacar (nó an pheil sa chiall is fairsinge), ach ba iad na [[Sasana]]igh a chuir tús leis an gcluiche nua-aimseartha. Bhí cineálacha éagsúla peile á n-imirt ar fud na tíre, ach theastaigh ó na himreoirí comhrialacha a leagan amach a cheadódh dóibh cluichí a chóiriú eatarthu.
 
Bailíodh le chéile na rialacha éagsúla a bhí le fáil sna scoileanna sa tír, agus cruthaíodh comhrialacha nua. Tháinig ionadaithe ó na scoileanna poiblí úd [[Eton, Berkshire|Eton]], Harrow, Rugby, agus [[Winchester]] le chéile i g[[ColáistegColáiste na Tríonóide, [[Cambridge]] sa bhliain [[1848]] leis na rialacha a shocrú, ach ní dheachaigh siad in úsáid mórán taobh amuigh de na scoileanna seo.
 
Sna 1850idí, tháinig a lán clubanna agus cumann ar an bhfód ar fud thíortha an Bhéarla le peil de chineál éigin a imirt, ach níor ghlac mórán acu le rialacha Cambridge. Bhí cumainn thábhachtacha ann a raibh rialacha dá gcuid féin acu, go háirithe club peile [[Sheffield]]. Bhunaigh daltaí na scoile poiblí sa bhliain 1857 é, ach ba síol é do chumann sacair Sheffield agus Hallamshire a bunaíodh deich mbliana ina dhiaidh sin. Chloígh an cumann seo le rialacha Sheffield go dtí an bhliain 1878.