An difríocht idir athruithe ar: "Cinedheighilt"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata) - The interwiki article is not featured
mNo edit summary
Líne 1:
Is é is '''apairtéid''' nó ''apartheid'' ann ná an córas cinedheighilte a bhí i bhfeidhm san [[An Afraic Theas|Afraic Theas]] ón mbliain 1948 go dtína [[1990idí]]. Tháinig an [[focal]] féin ''apartheid'' ón [[Afracáinis]], an leagan den [[Ollainnis]] a labhraítear san Afraic Theas, agus is é is brí leis ná "scarúint" nó "scarthacht" (''apart'' = scartha, ''-heid'' = -cht, cf. an iarmhír ''-heit'' sa [[Gearmáinis|Ghearmáinis]] agus ''-hood'' i bhfocailbh[[focal|focail]] [[Béarla|Bhéarla]] cosúil le ''neighbourhood'', ''manhood'' nó ''maidenhood''). Go bunúsach, tháinig an [[córas]] seo in úsáid nuair a ghnóthaigh na páirtithe Búracha, an Páirtí Náisiúnaíoch agus an Páirtí ''Afrikaner'', [[olltoghchán|olltoghcháin]] na bliana 1948.
 
[[Íomhá:DurbanSign1989.jpg|thumb|260px|Fógra ar an trá - Durban - 1989. ''Cathair Durban: De réir Alt a 37 i bhfodhlíthe na trá, níl cead isteach ach ag daoine den chine gheal sa láthair shnámha seo'', a deir sé i mBéarla, in [[Afracáinis]] agus i [[Súlúis]].]]
I mblianta na hapairtéide, bhí muintir na hAfraice Theas deighilte ina gceithre chine, mar atá, na Bána, na Gormaigh, na Daiteánaigh agus na hIndiaigh, agus na dreamanna seo á gcoinneáil scartha scoite ó chéile. Luíonn sé le réasún nach raibh cead ag aon duine pósadh thar theorainn na gciníocha, ach, thairis sin, ní raibh de chead acu dul ag snámh sna cladaí céanna, úsáid a bhaint as na leithris chéanna, ná dul ar na scoileanna céanna. Rinneadh iarrachtaí leis na ciníocha éagsúla a chosaint ar chuideachta a chéile ar gach leibhéal.
 
== Cruthú na hApairtéide ==
 
Chualathas an focal "apartheid" an chéad uair ó bhéal [[Jan Smuts]], thiar sa bhliain 1917, nó dhá bhliain sular bhain sé amach Príomh-Aireacht na hAfraice Theas. Deir daoine áirithe inniu nach raibh i gceist san am ach leanúint leis na dlíthe cinedheighilte a bhí i bhfeidhm san Afraic Theas roimhe sin. Bhí na dlíthe seo bunaithe ar choinníollacha na síochána a shocraigh na Sasanaigh leis na Bóraigh i ndiaidh Chogadh na mBórach. Go bunúsach, áfach, b'í an scarúint pholaitiúil éirim an scéil, seachas an chinedheighilt. Le linn an [[Dara Cogadh Domhanda]], thosaigh an [[Páirtí Aontaithe na hAfraice Theas|Páirtí Aontaithe]] ag éirí as an gcuid is déine den chinedheighilt.
 
I dtoghcháin na bliana 1948, bhí feachtas an [[Páirtí Náisiúnta na hAfraice Theas|Pháirtí Náisiúnta]] - páirtí náisiúnaíoch na mBórach - bunaithe ar cheist an pholasaí apairtéide, agus vótáladh isteach iad maille leis an bPáirtí ''Afrikaner''. B'é Daniel François Malan a bhain amach oifig an Phríomh-Aire. Ar an toirt, thosaigh rialtas na Náisiúnaithe ag cur córas na hapairtéide i bhfeidhm. Cuireadh cosc le caidreamh craicinn, cleamhnas agus pósadh idir daoine a bhain le dreamanna éagsúla cine, tugadh isteach aicmiú na ndaoine de réir a gcine, agus bunaíodh bord aicmiúcháin le ceist aon duine a fhuascailt nach mbeadh inaicmithe ar an chéad dul síos.
 
Sa bhliain 1950, tháinig an tAcht um Cheantair na nDreamanna (''Group Areas Act'') ar leabhar na ndlíthe, agus b'ar an dlí seo a bunaíodh iarrachtaí na n-údarás leis na ciníocha difriúla a choinneáil ina gcónaí scartha ó chéile. Reachtaíodh an tAcht um Áiseanna Scartha (''Separate Amenities Act'') le cladaí snámha, busanna, otharlanna, agus ollscoileanna scartha a bhunú do na ciníocha éagsúla. Na pasdlíthe a bhí ann cheana féin, tugadh chun déine iad. Cuireadh d'fhiachaibh ar na Gormaigh agus ar na Daiteánaigh caipéisí aitheantais ar leith a iompar. Na caipéisí seo, nó an ''domboek'' mar a thugtaí orthu as Afracáinis, cineál pas a bhí iontu a chuir ar chumas duine de mhuintir na gceantar gorm bheith ag obair sa chuid gheal den tír. Ní raibh oiread is cead isteach ag na Gormaigh sna ceantair gheala gan chaipéisí oifigiúla ar leith.
 
I ndiaidh Malan, tháinig [[Johannes Gerhardus Strijdom]] i gceannas ar an tír mar Phríomh-Aire, sa bhliain 1954. Chrom Strijdom ar an mbeagán cearta a bhaint de na Daiteánaigh agus na Gormaigh a bhí fágtha acu go fóill. An rialtas a bhí ann roimhe sin, chuir sé an Bille um Ionadaíocht Scartha na Vótálaithe (''Separate Representation of Voters Bill'') faoi bhráid na pairliminte sa bhliain 1951. Thug ceathrar vótálaithe a raibh tacaíocht an Pháirtí Aontaithe an bille chun na cúirte, áfach, ó nach raibh siad den tuairim go raibh sé ag teacht leis an mbunreacht. Chumhdaigh Cúirt Uachtarach na Rinne (''Cape Supreme Court'') an dlí, ach d'easaontaigh an Chúirt Achomhairc leis an gcinneadh seo, nó fuair sí an t-acht neamhbhailí, nó bhí sé ag teacht salach ar an mBunreacht, agus chaithfí dlí den chineál sin a reachtú mar athrú bunreachta, is é sin, bhí trómlach dhá dtrian de dhíth i dhá theach na Pairliminte le bailíocht a chinntiú don acht. Ansin, rith an Rialtas an Bille um Ardchúirt na Pairliminte (''High Court of Parliament Bill'') a thug an ceart don Phairlimint comhairlí na gcúirteanna a chur ar neamhní. Níor ghlac Cúirt Uachtarach na Rinne ná an Chúirt Achomhairc leis an mbille seo, áfach. Sa bhliain 1955, chuir rialtas Strijdom breithiúna breise ar an gCúirt Achomhairc. Náisiúnaithe Bóracha ab ea iad na breithiúna nua, ar ndóigh. Thairis sin, méadaíodh an Seanad ó naoi suíochán is dhá scór go naoi suíochán is ceithre scór. Fuair Seanadóirí Náisiúnaíocha seacht gceann déag is trí scór de na suíocháin seo. Sa deireadh thiar thall, ritheadh an Bille um Ionadaíocht Scartha sa bhliain 1956, agus baineadh na Daiteánaigh de rolla na vótálaithe geala. Cuireadh ar rolla dá gcuid féin iad.
 
=== Bunús Reachtaíochta na hApairtéide ===