An difríocht idir athruithe ar: "Cinedheighilt"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Is é is '''apairtéid''' nó ''apartheid'' ann ná an córas cinedheighilte a bhí i bhfeidhm san [[An Afraic Theas|Afraic Theas]] ón mbliain 1948 go dtína [[1990idí]]. Tháinig an [[focal]] féin ''apartheid'' ón [[Afracáinis]], an leagan den [[Ollainnis]] a labhraítear san Afraic Theas, agus is é is brí leis ná "scarúint" nó "scarthacht" (''apart'' = scartha, ''-heid'' = -cht, cf. an iarmhír ''-heit'' sa [[Gearmáinis|Ghearmáinis]] agus ''-hood'' i bh[[focal|focail]] [[Béarla|Bhéarla]] cosúil le ''neighbourhood'', ''manhood'' nó ''maidenhood''). Go bunúsach, tháinig an [[córas]] seo in úsáid nuair a ghnóthaigh na páirtithe Búracha, an Páirtí Náisiúnaíoch agus an Páirtí ''Afrikaner'', [[olltoghchán|olltoghcháin]] na bliana 1948.
[[Íomhá:DurbanSign1989.jpg|thumb|260px|Fógra ar an trá - Durban - 1989. ''Cathair Durban: De réir Alt a 37 i bhfodhlíthe na trá, níl cead isteach ach ag daoine den chine gheal sa láthair shnámha seo'', a deir sé i mBéarla, in [[Afracáinis]] agus i [[Súlúis]].]]
I mblianta na hapairtéide, bhí muintir na hAfraice Theas deighilte ina gceithre chine, mar atá, na Bána, na [[Gormfhéar (féar)|Gormaigh]], na Daiteánaigh agus na
== Cruthú na hApairtéide ==
Chualathas an focal "apartheid" an chéad uair ó [[béal|bhéal]] Jan Smuts, thiar sa bhliain 1917, nó dhá bhliain sular bhain sé amach Príomh-Aireacht na hAfraice Theas. Deir daoine áirithe inniu nach raibh i gceist san am ach leanúint leis na
I dtoghcháin na bliana 1948, bhí feachtas an Pháirtí Náisiúnta - páirtí náisiúnaíoch na mBórach - bunaithe ar cheist an pholasaí apairtéide, agus vótáladh isteach iad maille leis an bPáirtí ''Afrikaner''. B'é Daniel François Malan a bhain amach oifig an Phríomh-Aire. Ar an toirt, thosaigh rialtas na Náisiúnaithe ag cur córas na hapairtéide i bhfeidhm. Cuireadh cosc le caidreamh craicinn, cleamhnas agus pósadh idir daoine a bhain le dreamanna éagsúla cine, tugadh isteach aicmiú na ndaoine de réir a gcine, agus bunaíodh bord aicmiúcháin le ceist aon duine a fhuascailt nach mbeadh inaicmithe ar an chéad dul síos.
Sa bhliain 1950, tháinig an tAcht um Cheantair na nDreamanna (''Group Areas Act'') ar [[leabhar]] na ndlíthe, agus b'ar an dlí seo a bunaíodh iarrachtaí na n-údarás leis na ciníocha difriúla a choinneáil ina gcónaí scartha ó chéile. Reachtaíodh an tAcht um Áiseanna Scartha (''Separate Amenities Act'') le cladaí snámha, busanna,
I ndiaidh Malan, tháinig Johannes Gerhardus Strijdom i gceannas ar an tír mar Phríomh-Aire, sa bhliain 1954. Chrom Strijdom ar an mbeagán cearta a bhaint de na Daiteánaigh agus na Gormaigh a bhí fágtha acu go fóill. An [[rialtas]] a bhí ann roimhe sin, chuir sé an Bille um Ionadaíocht Scartha na Vótálaithe (''Separate Representation of Voters Bill'') faoi bhráid na [[Parlaimint|pairliminte]] sa bhliain 1951. Thug ceathrar vótálaithe a raibh tacaíocht an Pháirtí Aontaithe an bille chun na cúirte, áfach, ó nach raibh siad den tuairim go raibh sé ag teacht leis an mbunreacht. Chumhdaigh Cúirt Uachtarach na Rinne (''Cape Supreme Court'') an dlí, ach d'easaontaigh an Chúirt Achomhairc leis an gcinneadh seo, nó fuair sí an t-acht neamhbhailí, nó bhí sé ag teacht salach ar an mBunreacht, agus chaithfí dlí den chineál sin a reachtú mar athrú bunreachta, is é sin, bhí trómlach dhá dtrian de dhíth i dhá theach na Pairliminte le bailíocht a chinntiú don acht.
Ansin, rith an Rialtas an Bille um Ardchúirt na Pairliminte (''High Court of Parliament Bill'') a thug an ceart don Phairlimint comhairlí na gcúirteanna a chur ar neamhní. Níor ghlac Cúirt Uachtarach na Rinne ná an Chúirt Achomhairc leis an mbille seo, áfach. Sa bhliain 1955, chuir rialtas Strijdom breithiúna breise ar an gCúirt Achomhairc. === Bunús Reachtaíochta na hApairtéide ===
Line 22 ⟶ 24:
* An tAcht um Chlárú an Daonra (1950), a chuir d'fhiacha ar gach saoránach é féin a chlárú mar bhall de cheann de na príomhdhreamanna cine, mar atá, Geal, Gormach, nó Daiteánach.
* An tAcht um Thoirmeasc an [[Cumannachas|Chumannachais]] (1950). Bhaintí úsáid as an reacht seo leis an bhfreasúra a chur ina thost, nó bhí sé indéanta páirtí ar bith a chosc ach "páirtí Cumannach" a ghairm de. Bhí an Cumannachas sainmhínithe chomh neamhchruinn is go bhféadfá "Cumannach" a bhaisteadh ar aon duine a bhí ag éileamh chothrom na Féinne do na dreamanna cine ar fad - is é sin, Cumannach de réir an dlí.
* An tAcht um Cheantair na nDreamanna (an 27ú lá de Mhí Aibreáin 1950). B'é seo príomhdhlí na hapairtéide, nó dheighil sé an tír ina ceantair éagsúla le haghaidh dreamanna éagsúla cine.
|