An difríocht idir athruithe ar: "Cinedheighilt"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 6:
== Cruthú na hApairtéide ==
 
Chualathas an focal "apartheid" an chéad uair ó [[béal|bhéal]] Jan Smuts, thiar sa bhliain 1917, nó dhá bhliain sular bhain sé amach Príomh-Aireacht na hAfraice Theas. Deir daoine áirithe inniu nach raibh i gceist san am ach leanúint leis na [[dlí]]the cinedheighilte a bhí i bhfeidhm san Afraic Theas roimhe sin. Bhí na dlíthe seo bunaithe ar choinníollacha na [[síocháin|síochán]]a a shocraigh na [[Sasanaigh]] leis na Bóraigh i ndiaidh [[Dara Cogadh na mBórach|Chogadh na mBórach]]. Go bunúsach, áfach, b'í an scarúint pholaitiúil éirim an scéil, seachas an chinedheighilt. Le linn an [[Dara Cogadh Domhanda]], thosaigh an Páirtí Aontaithe ag éirí as an gcuid is déine den chinedheighilt.
 
I dtoghcháin na bliana 1948, bhí feachtas an Pháirtí Náisiúnta - páirtí náisiúnaíoch na mBórach - bunaithe ar cheist an pholasaí apairtéide, agus vótáladh isteach iad maille leis an bPáirtí ''Afrikaner''. B'é Daniel François Malan a bhain amach oifig an Phríomh-Aire. Ar an toirt, thosaigh rialtas na Náisiúnaithe ag cur córas na hapairtéide i bhfeidhm. Cuireadh cosc le caidreamh craicinn, cleamhnas agus pósadh idir daoine a bhain le dreamanna éagsúla cine, tugadh isteach aicmiú na ndaoine de réir a gcine, agus bunaíodh bord aicmiúcháin le ceist aon duine a fhuascailt nach mbeadh inaicmithe ar an chéad dul síos.
 
Sa bhliain 1950, tháinig an tAcht um Cheantair na nDreamanna (''Group Areas Act'') ar [[leabhar]] na ndlíthe, agus b'ar an dlí seo a bunaíodh iarrachtaí na n-údarás leis na ciníocha difriúla a choinneáil ina gcónaí scartha ó chéile. Reachtaíodh an tAcht um Áiseanna Scartha (''Separate Amenities Act'') le cladaí snámha, busanna, [[otharlann]]aotharlanna, agus [[ollscoil]]eanna scartha a bhunú do na ciníocha éagsúla. Na pasdlíthe a bhí ann cheana féin, tugadh chun déine iad. Cuireadh d'fhiachaibh ar na Gormaigh agus ar na Daiteánaigh caipéisí aitheantais ar leith a iompar. Na caipéisí seo, nó an ''domboek'' mar a thugtaí orthu as Afracáinis, cineál pas a bhí iontu a chuir ar chumas duine de mhuintir na gceantar gorm bheith ag obair sa chuid gheal den [[tír]]. Ní raibh oiread is cead isteach ag na Gormaigh sna ceantair gheala gan chaipéisí oifigiúla ar leith.
 
I ndiaidh Malan, tháinig Johannes Gerhardus Strijdom i gceannas ar an tír mar Phríomh-Aire, sa bhliain 1954. Chrom Strijdom ar an mbeagán cearta a bhaint de na Daiteánaigh agus na Gormaigh a bhí fágtha acu go fóill. An [[rialtas]] a bhí ann roimhe sin, chuir sé an Bille um Ionadaíocht Scartha na Vótálaithe (''Separate Representation of Voters Bill'') faoi bhráid na [[Parlaimint|pairliminte]] sa bhliain 1951. Thug ceathrar vótálaithe a raibh tacaíocht an Pháirtí Aontaithe an bille chun na cúirte, áfach, ó nach raibh siad den tuairim go raibh sé ag teacht leis an mbunreacht. Chumhdaigh Cúirt Uachtarach na Rinne (''Cape Supreme Court'') an dlí, ach d'easaontaigh an Chúirt Achomhairc leis an gcinneadh seo, nó fuair sí an t-acht neamhbhailí, nó bhí sé ag teacht salach ar an mBunreacht, agus chaithfí dlí den chineál sin a reachtú mar athrú bunreachta, is é sin, bhí trómlach dhá dtrian de dhíth i dhá theach na Pairliminte le bailíocht a chinntiú don acht.