An difríocht idir athruithe ar: "Cinedheighilt"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 10:
I dtoghcháin na bliana 1948, bhí feachtas an Pháirtí Náisiúnta - páirtí náisiúnaíoch na mBórach - bunaithe ar cheist an pholasaí apairtéide, agus vótáladh isteach iad maille leis an bPáirtí ''Afrikaner''. B'é Daniel François Malan a bhain amach oifig an Phríomh-Aire. Ar an toirt, thosaigh rialtas na Náisiúnaithe ag cur córas na hapairtéide i bhfeidhm. Cuireadh cosc le caidreamh craicinn, cleamhnas agus pósadh idir daoine a bhain le dreamanna éagsúla cine, tugadh isteach aicmiú na ndaoine de réir a gcine, agus bunaíodh bord aicmiúcháin le ceist aon duine a fhuascailt nach mbeadh inaicmithe ar an chéad dul síos.
 
==Apairtéid sna 1950idí==
Sa bhliain 1950, tháinig an tAcht um Cheantair na nDreamanna (''Group Areas Act'') ar [[leabhar]] na ndlíthe, agus b'ar an dlí seo a bunaíodh iarrachtaí na n-údarás leis na ciníocha difriúla a choinneáil ina gcónaí scartha ó chéile. Reachtaíodh an tAcht um Áiseanna Scartha (''Separate Amenities Act'') le cladaí snámha, busanna, otharlanna, agus [[ollscoil]]eanna scartha a bhunú do na ciníocha éagsúla. Na pasdlíthe a bhí ann cheana féin, tugadh chun déine iad. Cuireadh d'fhiachaibh ar na Gormaigh agus ar na Daiteánaigh caipéisí aitheantais ar leith a iompar. Na caipéisí seo, nó an ''domboek'' mar a thugtaí orthu as Afracáinis, cineál pas a bhí iontu a chuir ar chumas duine de mhuintir na gceantar gorm bheith ag obair sa chuid gheal den [[tír]]. Ní raibh oiread is cead isteach ag na Gormaigh sna ceantair gheala gan chaipéisí oifigiúla ar leith.
 
Line 16 ⟶ 17:
Ansin, rith an Rialtas an Bille um Ardchúirt na Pairliminte (''High Court of Parliament Bill'') a thug an ceart don Phairlimint comhairlí na gcúirteanna a chur ar neamhní. Níor ghlac Cúirt Uachtarach na Rinne ná an Chúirt Achomhairc leis an mbille seo, áfach. Sa bhliain 1955, chuir rialtas Strijdom breithiúna breise ar an gCúirt Achomhairc. [[Náisiún]]aithe Bóracha ab ea iad na breithiúna nua, ar ndóigh. Thairis sin, méadaíodh an Seanad ó naoi suíochán is dhá scór go naoi suíochán is ceithre scór. Fuair Seanadóirí Náisiúnaíocha seacht gceann déag is trí scór de na suíocháin seo. Sa deireadh thiar thall, ritheadh an Bille um Ionadaíocht Scartha sa bhliain 1956, agus baineadh na Daiteánaigh de rolla na vótálaithe geala. Cuireadh ar rolla dá gcuid féin iad.
 
=== Bunús Reachtaíochta na hApairtéide =sa bhliain 1950==
 
Seo iad na cinn ba tábhachtaí de na dlíthe a reachtaíodh le córas na hapairtéide a chur ar bun:
Line 47 ⟶ 48:
 
* An tAcht um Pleanáil Fhisiciúil agus um Úsáid Acmhainní (1967)
 
==An deireadh==
Ar an 19 Márta 1995, vótáil na daoine geala deireadh a chur leis an apairtéid.
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
[[Catagóir:Ciníochas]]