An difríocht idir athruithe ar: "Enid Blyton"
Content deleted Content added
m Removing Link FA template (handled by wikidata) |
mNo edit summary |
||
Líne 26:
Chaith sí cúig bliana ag múinteoireacht i mBickley, i Surbiton agus i Chessington, agus í ag dul le scríbhneoireacht mar chaitheamh aimsire. An chéad leabhar a d'fhoilsigh sí, mar atá, ''Child Whispers'', ba díolaim dánta í, agus tháinig sí i gcló sa bhliain 1922.
Ar an [[29 Lúnasa]] [[1924]] phós Enid Blyton an Maor Airm Hugh Alexander Pollock. Bhí Pollock ag obair ina eagarthóir leabhar don teach [[foilsitheoireacht]]a úd George Newnes, a chuir i gcló dhá leabhar le Blyton sa bhliain sin. Shocraigh an lánúin síos i m[[Buckinghamshire]]. Ní ba déanaí, d'aistrigh siad go Beaconsfield. An iris úd ''Sunny Stories'' a bhí á foilsiú ag comhlacht Newnes, chóirigh sí comórtas do lucht adhartha Blyton le hainm a cheapadh do theach na lánúine i mBeaconsfield, agus is é an t-ainm a fuair an áit ná ''Green Hedges''.
Rugadh beirt iníonacha don lánúin sna [[1930í|tríochaidí]], mar atá, Mary Baverstock agus Imogen Smallwood. Sna tríochaidí freisin a chuaigh Enid Blyton trí ghéarchéim spioradálta agus í ar tí dul le [[Caitliceachas]]. Sa deireadh thiar thall níor athraigh sí creideamh, ó bhí sé barúlach go raibh an eaglais Chaitliceach ródhian agus na rialacha go léir aici. D'fhéach sí chuige gur baisteadh an bheirt iníonacha ina nAnglacánaigh agus gur fhreastail siad ar an scoil Domhnaigh.
I ndiaidh a báis sa bhliain 1968, d'fhoilsigh a hiníon Imogen leabhar dírbheathaisnéise faoin teideal ''A Childhood of Green Hedges'', agus is é an cur síos a thug sí ar a máthair ná nach raibh sí cobhsaí ina cuid mothúchán, agus go raibh mailíseach go leor mar dhuine. Faoin mbliain 1939 bhí an [[pósadh]] ar Pollock ag teip uirthi, agus bhí cumainn ghrá nó ghnéis aici le fir eile. Sa bhliain 1941 casadh an [[máinlia]] Kenneth Fraser Darrell Waters uirthi. Fuair sí í féin chomh dúnta i ngrá le Waters gur chinn sí ar colscaradh a fháil ó Pollock.
Chuir sí brú ar Pollock an milleán go léir a ghlacadh air féin, Phós Enid Blyton agus Kenneth Darrell Waters ar an 20 Deireadh Fómhair 1943, agus d'athraigh sí sloinne na n-iníonacha féin ó Pollock go Darrell Waters. D'éirigh an dara pósadh léi go maith, agus í breá sásta leis an ról a bhí aici mar bhean chéile ag dochtúir leighis.
|