An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Saoirse (Éire)"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 41:
Bhí ceannairí clúiteacha eile ann ar nós [[Dónall Ó Braoin|Dhónaill Uí Bhraoin]] agus [[Tomás de Barra|Thomáis de Barra]]. Bhí siad i gceannas ar ''[[Colúin Reatha|cholúin reatha]]'', grúpaí le thart ar 100 fear a bhí in ann luíocháin a eagrú go h-éifeachtach roimh na fórsaí Gallda. Ó bhí aithne níos fearr ar an gceantar máguaird acusan ná ag na saighdiúirí Gallda, bhí siad in ann teitheadh ó na Sasanaigh i ndiaidh na teagmhála.
 
Bhí eagraíochtaí tacaíochta ag cabhrú leis an IRA - [[Cumann na mBan]] agus [[Fianna Éireann]] (eagraíocht na n-óg). Bhí baill na n-eagraíochtaí seo ina dtimirí agus ina gcúntóirí ag an IRA, agus iad ag cuidiú leis na hÓglaigh a gcuid arm a iompar, ag gléasadh bia dóibh nó ag tabhairt dídin sna "tithe sábháilte" d'Óglaigh a bhí díreach ar a seachnadh ó na Gaill. Bhí cuid mhór den daonra ar fad sásta lámh chúnta a shíneadh do na hÓglaigh ar an dóigh seo, agus an dóigh ar mhill na Sasanaigh a gclú féin ó thús an chogaidh i leith. Thosaigh polasaí neamhoifigiúil seo na loitiméireachta i [[Mainistir Fhear Maí]] i gCo. Chorcaí i Mí Mheán Fómhair den bhliain 1919. Rinne dhá chéad duine de shaighdiúirí Gallda smidiríní de na gnóthais ba thábhachtaí san áit, agus iad ar buile nuair a mharaigh an tIRA duine acu toisc gur dhiúltaigh sé a chuid arm a thabhairt uaidh. Tharla a leithéid eile in áiteanna cosúil le [[Luimneach]] agus [[Baile Brigín]], agus nuair a chuala an saol iomrámór orthu, rinne siad dochar do chúis na Breataine Móire sa [[baile|bhaile]] agus i gcéin.
 
I Mí Aibreáin, i ndiaidh don IRA sraith ruathar a dhéanamh, ní raibh an Bhreatain Mhór in ann cánacha a bhailiú in Éirinn a thuilleadh. Ina áit sin, leag an Coileánach amach scéim - [[an tIasacht Náisiúnta]] - le sórt cánacha a bhailiú ó mhuintir na hÉireann chun an Phoblacht úrbhunaithe a mhaoiniú. Chuir na Sasanaigh an Giúistís Cónaitheach (''Resident Magistrate'') [[Alan Bell]] ó [[Beannchar|Bheannchar]] ar lorg an airgid seo, agus d'éirigh leis 71,000 punt a choigistiú ón IRA. D'fhéadfadh sé seilbh a ghlacadh ar thuilleadh, agus é ag déanamh an-dul chun cinn ag déanamh fiosraithe sna bainc, ach go bé gur mharaigh an tIRA é sula raibh de sheal aige é sin a chur i gcrích. Ar an 26ú lá de Mhí na Márta, 1920, tarraingíodh amach as tram é i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath agus scaoileadh trí urchar ina chloigeann.