An difríocht idir athruithe ar: "Impireacht na Rúise"

Content deleted Content added
Noidberg (plé | dréachtaí)
No edit summary
mNo edit summary
Líne 182:
==== Nioclás agus an Dlí ====
 
Ón taobh eile de, d'fhill Mikhail Speranskiy ón tSibéir le seal maith oibre a dhéanamh i réimeas Niocláis ag códú is ag cur in eagar reachtaíocht na Rúise. Bhí claonadh áirithe chun dlíthiúlachais i Nioclás fosta, i ndiaidh an iomláin. D'fhéach sé le seandlíthe a choinneáil i réim is i bhfeidhm, ach arís, bhí sé chomh scanraithe sceimhlithe roimh gach aon chineál "réabhlóideachais" agus go raibh sé sách neamhshrianta ag déanamh géarleanúna ar an bhfreasúra polaitíochta[[polaitíocht]]a. Chuala an saol iomrámór ar ghrúpa Phetrashevskiy: dornán de státseirbhísigh agus intleachtóirí óga a bhí ann a thagadh le chéile ag caibidil cúrsaí reatha go neamhfhoirmiúil, go dtí gur rug na péas orthu agus gur caitheadh i dtóin an phríosúin iad mar a bheadh coirpigh iontu. Is ar éigean más féidir a rá gur "freasúra" nó "réabhlóideachas" a bhí i gceist ag an ngrúpa seo, ach rinne na péas an-chomhcheilg de ina gcuid tuairiscí. D'imir an Sár cleas cruálach magaidh ar an ngrúpa: ghearr sé pionós an bháis orthu, ach nuair a bhí ceangal na gcúig gcaol curtha ar chupla duine acu cheana féin lena gcur chun báis, hinsíodh dóibh gur athraigh an Sár na pionóis bháis go téarmaí fada príosúnachta ar díbirt amuigh sa tSibéir. Ghlac na cimí an pionós báis dáiríre píre, fad is nár chuala siad an "pardún"; chuaigh duine acu as a mheabhair go doleigheasta, a deirtear. Bhí an scríbhneoir [[Fyodor Dostoyevskiy|Dostoyevskiy]], nach raibh ann ach fear óg san am, i measc na gcimí, agus chuaigh an eachtra seo go buan i bhfeidhm air. Thrácht sé faoi dhó uirthi ina chuid saothar.
 
==== Ceist an tSeirfeachais ====