An difríocht idir athruithe ar: "Oileáin Fháclainne"

Content deleted Content added
"mar phríosúnaigh chogaidh" > ina gcimí cogaidh. "Cime cogaidh" an gnáth-théarma ar POW as Gaeilge.
mNo edit summary
Líne 7:
|amhrán_náisiúnta= "[[God Save the Queen]]"<br />''Go sabhála Dia an Bhanríon''
|íomhá_learscáile=LocationFalklandIslands.png
|príomhchathair = [[Stanley]] |dnlc=51|dnln=42|dnlNS=N|dnfc=57|dnfn=51|dnfEW=W|dnlNSgael=Thuaidh|dnfEWgael=Thiar
|cathair_is_mó=An Phríomhchathair
|teangacha_oifigiúla=[[Béarla]]
Líne 41:
|glaochód=500
|fonótaí=}}
Críoch thar lear de chuid na [[Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] iad '''Oileáin Fháclainne''' (''Islas Malvinas'' as [[Spáinnis]]), agus iad suite san [[An tAigéan Atlantach|Aigéan Atlantach]], 300km soir ó [[cósta|chósta]] na [[An Airgintín|hAirgintíne]] agus 940km ó thuaidh ón [[An Antartaice|Antartaice]]. Is iad [[Fáclainn Thiar]] agus [[Fáclainn Thoir]] na príomhoileáin san [[oileánra]] seo.
 
Tá an t-ainm [[Gaeilge]] bunaithe ar an mBéarla. Téann an t-ainm Béarla siar go dtí an bhliain 1690, nuair a bhaist John Strong ainm a urraí féin, Anthony Cary, Bíocúnta Falkland, ar na hoileáinh[[oileán|oileáin]]. Maidir leis an ainm Spáinnise[[Spáinnis]]e, leagan is ea é den ainm Fraincise[[Fraincis]]e ''Îles Malouines''. D'fhéach Louis Antoine de Bougainville, sa bhliain 1764, le hiascairíh[[Iascaireacht|iascairí]] Briotánacha[[Briotánach]]a ó Saint Malo a chur ina gcónaí sna hoileáin, agus is as na chéad choilínithe seo a d'ainmnigh sé an áit.
 
== Stair ==
 
Is deacair bun ná barr a dhéanamh de [[stair]] na n-oileán, agus an oiread stát is a d'éiligh gur leo féin iad, idir [[an Fhrainc]], [[an Spáinn]], [[an Ríocht Aontaithe]] agus [[an Airgintín]]. Nuair a bhain an Airgintín amach a [[Neamhspleách (polaitíocht)|neamhspleáchas]] sa bhliain 1816, thosaigh sí, i gcomharbas ar an [[Spáinn]], ag tabhairt le fios gur léise na hoileáin. Sa bhliain 1831, chuir an [[long]] chogaidh [[SAM|Mheiriceánach]] USS Lexington an t-áitreabh Airgintíneach i bPuerto Soledad (inniu, Port Louis) de dhroim an tsaoil, agus. goGo gairid ina dhiaidh sin, shealbhaigh na [[Sasana]]igh an t-oileánra.

Sa bhliain 1982, arís, d'ionsaigh [[rialtas]] [[Miléatas|míleata]] na hAirgintíne na hoileáin, agus d'éirigh ina [[cogadh|chogadh]] idir an Airgintín agus an Ríocht Aontaithe. I ndiaidh dhá mhí, d'éirigh leis na [[Sasanach|Sasanaigh]] ruaigeadh a chur ar na hAirgintínigh agus a bhforlámhas a chur i bhfeidhm in athuair.
 
 
Line 54 ⟶ 56:
=== Fionnachtain na nOileán ===
 
Nuair a tháinig na chéad taiscéalaithe ón [[Eoraip]] ar na hoileáin, ní bhfuair siad áitreabh ar bith rompu. Mar sin féin, tá iarsmaí seandálaíochta[[seandálaíocht]]a - iarsmaí de shaighde agus de bháid - faighte i bhFáclainn a thugann le fios gur shroich daoine réamhstairiúla an t-oileánra fadó agus b'fhéidir, fiú, gur shocraigh siad síos ansin. Nuair a tháinig an chéad Eorpach[[Eorpa]]ch i dtírd[[tír]], bhí cineál ar leith den tsionnacht[[sionnach]], an sionnach Fáclannach nó ''Dusicyon australis'', beo ansin i gcónaí (chuaigh sé in éag sa dara leath den [[19ú haois|naoú haois déag]]), agus síltear gurbh iad na daoine a thug an sionnach leo ó mhórthír [[Meiriceá Theas|Mheiriceá Theas]], cé go bhfuil sé incheaptha gur tháinig sé as féin nuair a bhí droichead talún idir Fáclainn agus an mhórthír, le linn na hOighearaoiseh[[Oighearaois|Oighearaois]]e deireanaí.
 
Creidtear gurbh é an mairnéalach [[An Ísiltír|Ollannach]], Sebald de Weert, ba túisce a chuir sonrú san oileánra, thiar sa bhliain 1600. Bhaist na hOllannaigh "Oileáin Sebald" ar an oileánra ansin. Sa bhliain 1690, bhí an captaen Sasanach [[John Strong]] ag iarraidh Puerto Deseado sa [[An Phatagóin|Phatagóin]] a bhaint amach, ach níor cheadaigh na gaotha dó é, agus ba éigean dó dul i dtír sna hoileáin. Ba eisean a d'ainmnigh na hoileáin as Viocúnta Falkland, an coimisinéir Aimiréalachta a mhaoinigh a thuras go Puerto Deseado.
 
=== An Chéad Áitreabh ===
 
Ba é Louis Antoine de Bougainville, saighdiúir agus loingseoir Francach, a bhunaigh an chéad bhuanáitreabh sna hoileáin sa bhliain 1764, san áit a bhfuil Port Louis inniu. An bhliain a bhí chugainn, áfach, tháinig an captaen Sasanach [[John Byron]] go dtí na hoileáin, agus ghabh sé Oileán Saunders, an ceann is faide thiar de na hoileáin, do choróin Shasana. B'ansin a bunaíodh an chéad áitreabh Sasanach, Port Egmont, sa bhliain 1766. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, shealbhaigh na Spáinnigh an choilíneacht Fhrancach, agus d'ionsaigh siad Port Egmont sa bhliain 1770 leis na Sasanaigh a ruaigeadh. Ba dhóbair go n-éireodh ina chogadh faoi na hoileáin san am sin féin, ach sa bhliain 1771, síníodh conradh nár shocraigh a dhath - fuair na coilínithe Sasanacha cead filleadh ar Phort Egmont, ach níor ghéill aon taobh orlach ar bith den fhorlámhas a bhí siad a éileamh ar na hoileáin.
 
=== An Tarraingt Siar ===
Line 89 ⟶ 91:
=== Na Naisc idir an Airgintín agus Oileáin Fháclainne ===
 
Ba é Aerfhórsa na hAirgintíne (Fuerza Aerea Argentina) a chuir tús leis an chéad cheangal aerthráchta idir na hOileáin agus aon áit taobh amuigh díobh. Is é an tAerfhórsa atá ag reáchtáil aerlíne stáit na hAirgintíne, LADE (nó Lineas Aereas del Estado, a chiallaíonn, go simplí, "Aerlínte an Stáit"). Aerárthaí den chineál Grumman HU-1 Albatross a bhí in úsáid acu, agus iad ag eitilt ó Comodoro Rivadavia (príomhchathair Chúige [[Chubut]] sa [[An Phatagóin|Phatagóin]] i ndeisceart na hAirgintíne) go Stanley, príomhchathair na nOileán. [[Eitleán|Eitleáin]] uisce a bhí iontu a thuirlingeodh san fharraige, ionas nach raibh aerfort ná rúidbhealach de dhíth orthu.
 
D'iarr Aerfhórsa na hAirgintíne cead ar lucht rialtais na Ríochta Aontaithe an chéad rúidbhealach a ghearradh sna hOileáin. Bhí na Sasanaigh sásta leis an tairiscint, agus nuair a bhí an t-aerfort críochnaithe, thosaigh na hAirgintínigh ag eitilt dhá thuras in aghaidh na seachtaine go dtí na hOileáin. Tháinig deireadh leis an aerthrácht seo, áfach, sa bhliain 1982, nuair a thosaigh Cogadh Fháclainne.
Line 148 ⟶ 150:
Tá dhá mhóroileán ann, Fáclainn Thoir (Spáinnis: Isla Soledad, nó Oileán an Uaignis) agus Fáclainn Thiar (Spáinnis: Isla Gran Malvina, nó Oileán na Mailbhíne Móire). Níl ach cuing bheag talún idir dhá leath an oileáin thoir le chéile; an chuid atá taobh theas den chuing sin, tugtar Leithinis Lafonia uirthi. Níl mórán áitribh i Lafonia, i gcomparáid le tuaisceart an oileáin thoir. Tá Goose Green agus Darwin suite sa chuing idir Lafonia agus an tuaisceart.
 
[[Stanley]], príomhchathair na n-oileán, suite sa leath thuaidh den oileán thoir. Ansin atá cónaí ar an gcuid is mó de mhuintir na n-oileán.
 
== Tagairtí ==