An difríocht idir athruithe ar: "Oileáin Fháclainne"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 41:
|glaochód=500
|fonótaí=}}
Críoch thar lear de chuid na [[Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] iad '''Oileáin Fháclainne''' (''Islas Malvinas'' as [[Spáinnis]]), agus iad suite san [[An tAigéan Atlantach|Aigéan Atlantach]], 300km soir ó [[cósta|chósta]] na [[An Airgintín|hAirgintíne]] agus 940km ó thuaidh ón [[An Antartaice|Antartaice]]. Is iad Fáclainn Thiar agus Fáclainn Thoir na príomhoileáin san [[oileánraoileán]]ra seo.
 
Tá an t-ainm [[Gaeilge]] bunaithe ar an mBéarla. Téann an t-ainm Béarla siar go dtí an bhliain 1690, nuair a bhaist John Strong ainm a urraí féin, Anthony Cary, Bíocúnta Falkland, ar na h[[oileán|oileáin]]. Maidir leis an ainm [[Spáinnis]]e, leagan is ea é den ainm [[Fraincis]]e ''Îles Malouines''. D'fhéach Louis Antoine de Bougainville, sa bhliain 1764, le h[[Iascaireacht|iascairí]] [[Briotánach]]a ó Saint Malo a chur ina gcónaí sna hoileáin, agus is as na chéad choilínithe seo a d'ainmnigh sé an áit.
Líne 52:
 
 
[[Íomhá:stan 001.jpg|thumb|left|220px|Comhartha bóthair ag fáiltiú na gcuairteoirí isteach go príomhchathair Fháclainne, [[Stanley]].]]
 
=== Fionnachtain na nOileán ===
Líne 72:
Nuair a bhain Leasríocht Río de la Plata amach an neamhspleáchas - ar dtús, thug sí an t-ainm "Cúigí Aontaithe Río de la Plata" uirthi féin, ach is é an t-ainm atá uirthi inniu ná an Airgintín - glacadh leis gur cuid den stát neamhspleách nua ab ea iad Oileáin Fháclainne, de réir an phrionsabail úd ''uti possidetis'' (is é sin, ós cuid den Leasríocht ab ea iad na hoileáin roimhe sin, b'fhollas gur cuid de na Cúigí Aontaithe ab ea iad anois). Ar an 6 Samhain 1820, d'ardaigh an Coirnéal David Jewett, Meiriceánach a bhí ar fiannas i gcabhlach cogaidh na gCúigí Aontaithe, bratach na tíre sin sna hoileáin, agus thug sé rabhadh do na mairnéalaigh Fhrancacha agus Shasanacha sa timpeallacht gan dul i dtír ansin, rabhadh nár thug siadsan aon aird air.
 
[[Íomhá:Aerial photo Port Stanley.jpg|thumb|left|220px|An phríomchathair, [[Stanley]]]]
Sa bhliain 1826, bhunaigh na Cúigí Aontaithe coilíneacht agus áitreabh pionóis sna hoileáin, ach nuair a ghabh Gobharnóir na n-oileán, Luis Vernet, seilbh ar bháid de chuid sealgairí róin ó na [[SAM|Stáit Aontaithe]], scrios longa cogaidh Meiriceánacha an t-áitreabh. Ina dhiaidh sin, fágadh na hoileáin faoi na príosúnaigh a d'éalaigh as an áitreabh pionóis, chomh maith le cibé foghlaí mara a rachadh ar lorg tearmainn ansin. Sa bhliain 1832, chuir na Cúigí Aontaithe gobharnóir nua go dtí na hoileáin, ach d'éirigh muintir na háite amach ina aghaidh agus maraíodh sa teagmháil é.