Is í '''an GhaeilgeGaeilge''' an [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] Ghaelach a labhraítear in [[Éire|Éirinn]]. Is í an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil i b[[Poblacht na hÉireann]] í. Tá an [[An Béarla|Béarla]] luaite sa [[Bunreacht na hÉireann|Bhunreacht]] mar theanga oifigiúil eile. Tá aitheantas oifigiúil aici chomh maith i d[[Tuaisceart Éireann]], atá mar chuid den [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Ar an [[13 Meitheamh]] [[2005]] d'aontaigh airí gnóthaí eachtracha an [[An tAontas Eorpach|Aontais Eorpaigh]] glacadh leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil oibre san AE. Ón [[1 Eanáir (Lá Caille)|1 Eanáir]] 2007 cuireadh tús leis an stádas oifigiúil seo, agus ba é an tAire Nollaig Ó Treasaigh, T.D., an chéad aire Éireannach a labhair Gaeilge ag cruinniú de chuid Chomhairle na nAirí, an 22 Eanáir 2007.
Tá go leor ainmneacha eile réigiúnda nó stairiúla ar an teanga freisin: '''Gaedhealg''', '''Gaedhilge''',nóagus '''Gaedhilg''' (i g[[Conamara]]),; '''Gaedhilic''' nóagus '''Gaeilic''' (in áiteanna i gCúige [[Cúige Uladh|Uladh]] agus [[Maigh Eo]]),; '''Gaedhealaing''', ''Gaoluinn''Gaoluinn, agus ''Gaeilinn''' (i bPort Láirge) nó; '''Gaelainn''' (sa [[Cúige Mumhan|Mhumhain]]),; '''Gaedhlag''' ([[Ó Méith]] –, [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] agus [[Contae Lú|Lú]]),; '''Gàidhlig''' (in [[Albain]]),; '''Gaelg'''/' nó ''Gailck''' in [[Oileán Mhanann]]; agus '''Guithealg''' nó '''Goidelc''' (sa [[Anan tSean-Ghaeilge|SeanShean-Ghaeilge]]). Go minic, níl i gceist leo seo ach litrithe malartacha ar an bhfocal "Gaeilge" agus iad ag baint leis an tréimhse réamhchaighdeánach (féach thíos chun a thuilleadh eolais a fháil), ach tabhair faoi deara gurb iondúil inniu a úsáidtear an leagan Muimhneach d'ainm na teanga, Gaelainn, le tagairt a dhéanamh do chanúint an chúige ina gcluinfeá an t-ainm seo uirthi. D'fheicfeá '''Gaoluinn''', leis, toisc gur mar "é" fada a fhuaimnítear "ao" an litrithe sna [[canúint]]í deisceartacha.
[[File:Irish speakers in 2011.png|thumb|250px|Cainteoirí I 2011.]]