An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"

6 bytes removed ,  4 bliana ó shin
no edit summary
Is í '''Gaeilge''' an [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] Ghaelach a labhraítear in [[Éire|Éirinn]]. Is í an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil i b[[Poblacht na hÉireann]] í. Tá an [[An Béarla|Béarla]] luaite sa [[Bunreacht na hÉireann|Bhunreacht]] mar theanga oifigiúil eile. Tá aitheantas oifigiúil aici chomh maith i d[[Tuaisceart Éireann]], atá mar chuid den [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Ar an [[13 Meitheamh]] [[2005]] d'aontaigh airí gnóthaí eachtracha an [[An tAontas Eorpach|Aontais Eorpaigh]] glacadh leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil oibre san AE. Ón [[1 Eanáir (Lá Caille)|1 Eanáir]] 2007 cuireadh tús leis an stádas oifigiúil seo, agus ba é an tAire Nollaig Ó Treasaigh, T.D., an chéad aire Éireannach a labhair Gaeilge ag cruinniú de chuid Chomhairle na nAirí, an 22 Eanáir 2007.
 
Tá go leor ainmneacha eile réigiúnda nó stairiúla ar an teanga freisin: ''Gaedhealg'', ''Gaedhilge'' agus ''Gaedhilg'' (i g[[Conamara]]); ''Gaedhilic'' agus ''Gaeilic'' (in áiteanna i gCúige [[Cúige Uladh|Uladh]] agus [[Maigh Eo]]); ''Gaedhealaing'', ''Gaoluinn'' agus ''Gaeilinn'' (i bPort Láirge); ''Gaelainn'' (sa [[Cúige Mumhan|Mhumhain]]); ''Gaedhlag'' ([[Ó Méith]], [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] agus [[Contae Lú|Lú]]); ''Gàidhlig'' (in [[Albain]]); ''Gaelg'' nó ''Gailck'' in [[Oileán Mhanann]]; agus ''Guithealg'' nó ''Goidelc'' (sa [[an tSean-Ghaeilge|Shean-Ghaeilge]]). Go minic, níl i gceist leo seo ach litrithe malartacha ar an bhfocal "Gaeilge" agus iad ag baint leis an tréimhse réamhchaighdeánach (féach thíos chun a thuilleadh eolais a fháil), ach tabhair faoi deara gurb iondúil inniu a úsáidtear an leagan Muimhneach d'ainm na teanga, Gaelainn, le tagairt a dhéanamh do chanúint an chúige ina gcluinfeá an t-ainm seo uirthi. D'fheicfeá '''Gaoluinn''', leis, toisc gur mar "''é"'' fada a fhuaimnítear "''ao"'' an litrithe sna [[canúint]]í deisceartacha.
 
[[File:Irish speakers in 2011.png|thumb|250px|Cainteoirí I 2011.]]
== Stair ==
 
=== An tOghamSean-Ghaeilge agus an tSean-GhaeilgetOgham ===
[[Íomhá:Cainteoirí Gaeilge - Irish Speakers.svg|deas|200px|thumb|Cainteoirí Gaeilge sa bhliain 2007.]]
B'é an t[[Ogham]] an chéad chóras scríofa don Ghaeilge, ach is gnách an teanga a chur ar pár i litreacha Laidineacha le níos mó ná míle bliain anuas. Sa tseachtú haois a tháinig an chéad leagan caighdeánaithe den teanga, mar atá, an tSean-Ghaeilge, ar an bhfód, agus í sách difriúil fós leis an gcineál Gaeilge a labhraítear inniu. D'úsáidtí an tSeanSean-Ghaeilge, ar dtús, i ngluaiseanna míniúcháin a chuirtí le téacsanna Laidine, le cuidiú leis na daltaí óga nach raibh ach ag foghlaim theanga na Críostaíochta Caitlicí. De réir a chéile, áfach, thosaigh na manaigh ag breacadh síos na scéalta miotaseolaíochta, leithéidí na [[Rúraíocht]]a is na [[Fiannaíocht]]a. Ní raibh siad chomh drochamhrasach i leith na seanscéalta Págánacha agus a shílfeá, ach mar sin féin bhain siad gach tagairt nithiúil don chreideamh réamh-Chríostaí de na leaganacha a rinne siad de na scéalta seo. Mar sin, fág is go bhfuil blas na Págántachta ar na seanscéalta [[Gaeil|Gaelacha]] ó thaobh an spioraid agus an tsaoldearcaidh, is deacair aon tagairt do dhéithe Págánta na gCeilteach a aithint iontu.
 
Tá gramadach agus litriú na bhfocal sna scríbhinní Oghaim ní ba seanaimseartha ná an tSean-Ghaeilge féin, cé go mbaineann an chuid is deireanaí de na hOghamchlocha leis an tréimhse chéanna. Mar sin, is dócha go ndearna na manaigh iarracht d'aon turas ar stíl nua scríbhneoireachta a thabhairt isteach nach mbeadh cosúil le stíl "''Phágánta"'' na nOghamchloch.
 
=== An MheánMeán-Ghaeilge ===
 
De réir a chéile, tháinig meath ar thraidisiún scríofa na Sean-Ghaeilge, agus an Mheán-Ghaeilge ag teacht ina háit. Teanga cineál measctha is ea í an Mheán-Ghaeilge, nó is deacair aon chaighdeán nó norm ceart a leagan amach di. Tá idir chaint na ndaoine agus ghramadach chasta na Sean-Ghaeilge ag dul trí chéile sa Mheán-Ghaeilge, agus thairis sin, is féidir [[forcheartú]] a fheiceáil ansin - is é sin, iarrachtaí teipthe ar chloí le caighdeán na Sean-Ghaeilge nach bhfuil ceart de réir an chaighdeáin sin ''ná'' de réir chaint na ndaoine.
Tabhair faoi deara go dtugann téacsleabhair áirithe "Meán-Ghaeilge" ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach freisin. Ní botún é seo go díreach, ach cleachtas a d'imigh as úsáid idir an dá linn.
 
=== An Nua-Ghaeilge ===
 
Le teacht an dóú haois déag, múnlaíodh an caighdeán nua - caighdeán a bhí sách cóngarach do chaint na ndaoine, an chuid ba mhó léinn acu ar a laghad - ar a dtugtar an [[Nua-Ghaeilge Chlasaiceach]]. Caighdeán sách dian atá inti, agus í saor go hiomlán ó gach cineál canúnachais. Is fíor go raibh cead ag na filí úsáid a bhaint as dhá leagan chanúnacha den fhocal chéanna le freastal ar riachtanais na ríme is na rithime (abair, ''clach'' agus ''cloch''), ach níorbh ionann sin is a rá go mbeadh an file seo níos claonta chun an leagan seo a úsáid agus an file úd eile níos doirte d'fhoirm a chanúna féin - bhí an bheirt acu ag úsáid an dá fhoirm, de réir mar a d'éilíodh dlíthe na filíochta.
=== Le Déanaí ===
 
I ndeireadh na naoú haoise déag, cuireadh an Nua-Ghaeilge chomhaimseartha ar bun. Ar dtús, rinne lucht an ghlanteangachais, a raibh daoine ar nós [[Risteard de Hindeberg]] orthu, iarrachtaí áirithe ar chaighdeán na Nua-Ghaeilge Clasaicí a athréimniú, ach ba é an scríbhneoir biseach úd, an tAthair [[Peadar Ua Laoghaire]], a rug bua ar de Hindeberg agus tugadh tús áite do chaint na ndaoine. Is é sin le rá gur bunaíodh an Nua-Ghaeilge scríofa ar an nGaeilge a bhí á labhairt ag muintir na Gaeltachta, seachas ar Ghaeilge Cheitinn. De bharr an ról ar leith a bhí ag an Athair Peadar agus ag a chuid scríbhneoireachta in athbhunú na Gaeilge mar theanga scríofa, chuaigh canúint an Athar Pheadair é féin (.i. Canúint na [[Cúige Mumhan|Mumhan]]) go mór i bhfeidhm ar mhúnla na Gaeilge ag tús an chéid seo caite. Bhí tionchar Ghaeilge na Mumhan fós le feiceáil i gcuid mhaith mhór de na téacsleabhair a foilsíodh go dtí lár na 1950idí. Níos déanaí, áfach, agus d'ainneoin go raibh sé de nós ag daoine áirithe an Ghaeilge chaighdeánach a cáineadh as ucht í a bheith ró-Mhuimhneach, bhí tionchar níos láidre ag na canúintí eile ar an gCaighdeán Oifigiúil (m. sh. córas na mbriathra, agus córas na réamhfhocal).
 
== Litríocht na Gaeilge ==
Úsáideoir gan ainm