An difríocht idir athruithe ar: "Conradh na Róimhe"

Content deleted Content added
m Nasc
mNo edit summary
Líne 1:
[[Conradh]] a síníodh i gcathair na [[An Róimh|Róimhe]] ar an 25ú lá de Mhárta sa bhliain [[1957]] is ea an '''Conradh lena mbunaítear Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa''' (CCEE), nó '''Conradh na Róimhe''' mar is fearr aithne air. Shínigh sé thír an conradh seo: [[an Bheilg]], [[an Fhrainc]], [[An Ghearmáin]] ([[Poblacht Chónaidhme na Gearmáine]]), [[an Ísiltír]], [[an Iodáil]] agus [[Lucsamburg]]. Ar an lá céanna, shínigh na tíortha céanna [[Conradh Euratom]]. Le Conradh na Róimhe agus Conradh Euratom bunaíodh [[Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa]] agus [[Comhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach]] faoi seach.
 
Méadaíodh an CCEE sna blianta ina dhiaidh sin go dtí go raibh an conradh sínithe ag dhá thír déag: méadaíodh é sa bhliain 1973, bliain inar shínigh [[an Danmhairg]], [[Poblacht na hÉireann|Éire]] agus [[an Ríocht Aontaithe]] an conradh, sa bhliain 1981, bliain inar shínigh [[an Ghréig]] é, agus sa bhliain 1986, bliain inar shínigh [[an Spáinn]] agus [[an Phortaingéil]] an CCEE.
 
Nuair a tháinig sé i bhfeidhm ar an 1ú lá d'Eanáir sa bhliain 1958, chuir an CCEE tús leis an [[An Margadh aonair Eorpach|Margadh aonair Eorpach]] agus leag sé bunphrionsabail an [[An Comhbheartas Talmhaíochta|Chomhbheartais Talmhaíochta]] amach, comhbheartas a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 1962. DeineadhRinne go leor mionathruithe ar Chonradh na Róimhe sular athraíodh é go mór. Deineadh mórathrú den saghas sin ar an gconradh den chéad uair leis an [[An Ionstraim Eorpach aonair|Ionstraim Eorpach aonair]], ionstraim a síníodh sa bhliain 1986, agus athraíodh an conradh go mór uair amháin eile le [[Conradh Maastricht]]. Ba é Conradh Maastricht an t-athrú ba mhó a deineadh ar an CCEE riamh, shínigh an dá thír déag a bhí páirteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa é sa bhliain 1992 agus cuireadh i bhfeidhm é ar an 1ú lá de Shamhain. Ón mbliain sin amach, tugadh an [[An Conradh lena mbunaítear Comhphobal na hEorpa|Conradh lena mbunaítear Comhphobal na hEorpa]] ar an gconradh. Tháinig mórathrú eile ar an gconradh le [[Conradh Liospóin]], conradh a síníodh sa bhliain 2007 agus a tháinig i bhfeidhm dhá bhliain níos déanaí ar an 1ú lá de Mhí na Nollag sa bhliain 2009. Ó shin amach, is é an t-ainm a thugtar ar an gconradh ná an [[An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh|Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh]].
 
{{Síol}}