An difríocht idir athruithe ar: "Conradh na Róimhe"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 4:
 
Nuair a tháinig sé i bhfeidhm ar an 1ú lá d'Eanáir sa bhliain 1958, chuir an CCEE tús leis an Margadh aonair Eorpach agus leag sé bunphrionsabail an Chomhbheartais Talmhaíochta amach, comhbheartas a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 1962. Rinne go leor mionathruithe ar Chonradh na Róimhe sular athraíodh é go mór. Deineadh mórathrú den saghas sin ar an gconradh den chéad uair leis an Ionstraim Eorpach aonair, ionstraim a síníodh sa bhliain 1986, agus athraíodh an conradh go mór uair amháin eile le [[Conradh Maastricht]]. Ba é Conradh Maastricht an t-athrú ba mhó a deineadh ar an CCEE riamh, shínigh an dá thír déag a bhí páirteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa é sa bhliain 1992 agus cuireadh i bhfeidhm é ar an 1ú lá de Shamhain. Ón mbliain sin amach, tugadh an Conradh lena mbunaítear Comhphobal na hEorpa ar an gconradh. Tháinig mórathrú eile ar an gconradh le [[Conradh Liospóin]], conradh a síníodh sa bhliain 2007 agus a tháinig i bhfeidhm dhá bhliain níos déanaí ar an 1ú lá de Mhí na Nollag sa bhliain 2009. Ó shin amach, is é an t-ainm a thugtar ar an gconradh ná an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
 
==Tagairtí==
{{Reflist}}
 
{{Síol}}