An difríocht idir athruithe ar: "Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin"
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
mNo edit summary |

Líne 7:
| dáta_báis = [[25 Márta]], [[1738]]
| áit_bháis = [[Béal Átha Fearnáin]], [[Contae Ros Comáin]], [[Éire]]
| náisiúntacht = [[Éireannach]]
| gairm = Cumadóir agus ceoltóir
| iomráiteach = Ceol na nGael
Líne 15:

[[Cláirseach|Cláirseoir]] agus [[Cumadóireacht|cumadóir]] ceoil ba ea '''Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin''' ([[1670]] – [[25 Márta]] [[1738]]). Chum sé neart fonn agus [[Amhránaíocht|amhrán]], agus tá rian cheol chlasaiceach a linne le haithint go soiléir ar a shaothar. Tá éileamh fós ar
== Beatha ==
Rugadh Ó Cearbhalláin san [[An Obair|Obair]] i g[[Contae na Mí]]. [[Feirmeoir]] bocht ba ea a athair.
Rugadh é san [[An Obair|Obair]] i g[[Contae na Mí]]. Feirmeoir bocht ba ea a athair agus sa bhliain 1684 d’aistrigh an teaghlach go dtí [[Béal Átha Fearnáin]] i g[[Contae Ros Comáin]]. Chuaigh a athair ag obair ann d’Annraoi Mac Diarmada Rua. Thaitin an buachaill le Máire Bean Mhic Dhiarmada Rua, agus shocraigh sí go dtabharfaí oideachas dó. In aois a ocht mbliana déag bhain an bholgach radharc na súl de agus chuir a bhanphátrún le cláirseoireacht é. Nuair a bhí sé bliain is fiche d’aois tugadh capall agus giolla dó agus chuir sé chun bóthair. Chun Seoirse Reynolds i Loch Scoir i g[[Contae Liatroma]] a chuaigh sé ar dtús. Deirtear gur beag meas a bhí ag Reynolds ar a chumas seanma agus gur chomhairligh sé dó tabhairt faoin gcumadóireacht. Ansin, a deirtear, a chum an Cearbhallánach a chéad amhrán: "Sí Beag is Sí Mór".<ref>Yeats, lch 44.</ref>▼
Sa bhliain 1684 d’aistrigh an teaghlach go dtí [[Béal Átha Fearnáin]] i g[[Contae Ros Comáin]]. Chuaigh a athair ag obair ann d’Annraoi Mac Diarmada Rua. Thaitin an [[buachaill]] le Máire Bean Mhic Dhiarmada Rua, agus shocraigh sí go dtabharfaí [[oideachas]] dó. In aois a ocht mbliana déag bhain an [[Bolgach|bholgach]] radharc na [[An tsúil|súl]] de agus chuir a bhanphátrún le [[Cláirseach|cláirseoireacht]] é.
Chaith sé os cionn daichead bliain ag siúl na tíre agus fáilte roimhe sna tithe móra. Bhí ardmheas ag [[Jonathan Swift]] air, agus ba mhinic ag seinm do Swift é. Uair amháin, deirtear, cháin Swift é faoi bheith ar meisce ar an mbóthar agus dúirt an Cearbhallánach:▼

Chaith sé os cionn daichead bliain ag siúl na [[tír]]<nowiki/>e agus fáilte roimhe sna tithe móra.

: ''Sibhse a chlann nach meallann an t-ól''
''is ar gach aon cé mór bhur smacht''
''cé mór bhur milleán ar chách''
''ní gheibh sibh féin bás le tart''.<ref>Yeats, lch 54.</ref>
Meon meadhrach taghdach a bhí ag an gCarbhallánach. Ba bhreá leis scéalta agus áilteoireacht, agus bhí an-lámh aige ar an táiplis mhór. Bhraith sé riamh gur ar chomhchéim lena chuid pátrún a bhí sé.<ref>Yeats, lch 54.</ref>
Sa bhliain 1720, phós sé Máire Ní Dhuibhir ó [[Contae Fhear Manach|Chontae Fhear Manach]]: rugadh seisear iníon dóibh agus mac. Fuair siad a gcéad tigín ar thalamh in aice le [[Maothail]] Manachain i gContae Liatroma. Chuaigh sé siúd le cláirseoireacht ach ní raibh fíorbhua na seanma ná na cumadóireachta aige.
== Bás == Cailleadh Máire sa bhliain 1733 agus chum an Cearbhallánach [[Filíocht|dán]] á caoineadh.<ref>Yeats, lch 54.</ref> Nuair nárbh fhada uaidh an [[bás]] d’fhill sé ar Bhéal Átha Fearnáin. Deirtear gur fháiltigh Máire Bean Mhic Dhiarmada Rua roimhe ag an doras agus go ndúirt sé: “Tháinig mé anseo tar éis a ndeachas tríd chun bás a fháil sa bhaile faoi dheireadh, mar a bhfuaireas an chéad fhoghlaim agus an chéad ghearrán”.
== Ceol agus cumadóireacht ==
Cláirseach phrástéadach den seansaghas a bhí ag an gCearbhallánach. Bhíodh coim mhór ag a leithéid de chláirseach agus í déanta d’adhmad sailí.<ref>Rimmer, lch 53.</ref><ref>http://www.earlygaelicharp.info/Irish_Terms/</ref> Téada [[Miotal|miotail]] a bhíodh inti agus iad á dtarraingt leis na hingne. [[Uirlis]] an-deacair a bhí inti, agus bheadh ort tabhairt fúithi i dtús d’óige.<ref>Yeats, lch 13.</ref> Thosaigh an Cearbhallánach i bhfad ródhéanach chun cumas ceart seanma a bhaint amach,<ref>Bunting, lch 72.</ref>ach bhí ardchumas cumadóireachta aige agus cuimhne fhíormhaith.<ref>Bunting, lch 71.</ref> Deirtí go ndéanadh sé cumadóireacht ar chnaipí a chóta, á samhlú mar línte agus spásanna.<ref>Bunting, lch 72.</ref>
Bhí tionchar mór ag ceol [[An Iodáil|Iodálach]] a linne air. Dúirt a chara Cathal Ó Conchubhair: “Vivaldi charmed him and with Corelli he was enraptured”.<ref>Luaite in Yeats, lch 49.</ref> Mar sin féin, is dócha go raibh meas aige ar an sean-nós seanma.<ref>Bunting, lch 71.</ref>
=== Comhcheol ===
I bhfoirm aonlíneach shéise is mó atá a chuid ceoil le fáil, ach tá fianaise ann gur chloígh sé go dílis leis na seanmhodhanna seanma. Tá cuid de sheanleabhar ann a bhfuil foinn de chuid Uí Chearbhalláin ann: áitíonn Gráinne Yeats gur iarsma é seo de leabhar a d’fhoilsigh mac an Chearbhallánaigh sa bhliain 1748 in éineacht leis an Dochtúir Delaney as [[Ollscoil Átha Cliath]].<ref>http://www.earlygaelicharp.info/sources/carolan.htm Carolan fragment</ref>
Is díol spéise é an dord aonlíneach, agus i dtaca le comhcheol de is annamh dhá nóta á seinm le chéile. Is neamhchoitianta an dóigh a ngluaiseann an dord an t-am ar fad, é ina ochtaigh leis an tribil uaireanta, é ag teacht roimh an líne shéise uaireanta nó mar mhacalla ina diaidh.<ref>Yeats, lch 50.</ref>
=== Amhráin ===
Bhí an Cearbhallánach in ann amhráin a chumadh go gasta, greanta. I
I measc na n-amhrán Gaeilge tá ceann spreagúil a chum sé do Chian Ó hEadhra, a bhí ina chónaí i
: ''Dá mbeinnse in Árainn nó i gCáirlinn na séad''
: ''mar a ngluaiseann gach sárlong le cláiréad is le méad''
: ''Ó, b’fhearr liom mar shásamh is fáighim é dom féin''
: ''cupán geal Uí Eaghra is a fháil lán le mo bhéal''.<ref>O’Sullivan, lch 183.</ref>

Amhrán de shaghas eile is ea an ceann a chum sé ag moladh an Dochtúra Seán Ó hAirt, [[sagart]] i
: ''Fear don aicme scaipfeadh fíon go réidh''
: ''agus líonfadh thart go fras do mhac an cheoil is léinn:''
: ''dá mbeinn sa Róimh mar b’ait liom''
: ''’s bíodh mo vóta inghlactha''
: ''is fíor go ndéanfainn easpag mór dhíot féin!''<ref>O’Sullivan, lch 186.</ref>