An difríocht idir athruithe ar: "Cathal Ó Searcaigh"
Content deleted Content added
Athbhreithniú amach is amach -- ~~~~ |
|||
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Scríbhneoir
| ainm = Cathal Ó Searcaigh
| íomhá =
| ceannteideal =
| dáta_breithe = [[12 Iúil]], [[1956]]
| áit_bhreithe = [[Gort an Choirce|Gort A' Choirce]], [[Contae Dhún na nGall]]
| dáta_báis =
| áit_bháis =
| náisiúntacht = [[Poblacht na hÉireann|Éireannach]]
| gairm = File, scríbhneoir, drámadóir, eagarthóir
}}
[[Íomhá:Cathalosearcaigh1.jpg|deas|200pz|thumb|Sa bhaile i Mín A' Leá ]]
Aithnítear '''Cathal Ó Searcaigh''' mar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge. "Tá Cathal Ó Searcaigh ar an bhfile is binne agus is milse béil in Éirinn", adeir [[Alan Titley]]. "Ina dhiadh sin is feidir leis a bheith bog, garbh, scéaltach, Rómánsúil ar a sheal".<ref name="Titley">Alan Titley, Scríbhneoirí faoi Chaibidil (Cois Life, Baile Átha Cliath, 2010)</ref> Laoithe cumainn d'eacstais an tsaoil is ea an chuid is fearr dá shaothar agus tugann sé cuireadh isteach dúinn do charnabhal na beatha. "Ní le [[Dún na nGall]] amháin a bhaineann Ó Searcaigh ach leis an gCruinne", adúirt [[Gabriel Rosenstock]]. <ref>Gabriel Rosenstock, ina léirmheas ar Gúrú i gClúidiní (Comhar, 2006)</ref> "Baineann sé le gach éinne againn, mar sin, agus leis an gCruinne go léir is í istigh ionainn [...] Is í cantaireacht na Cruinne í, an ceol is binne agus is ársa amuigh."
==
Rugadh Cathal Ó Searcaigh i Mín A' Leá faoi scáth an [[An Earagail|Eargail]] i gcomharsanacht [[Gort an Choirce|Ghort an Choirce]] i d[[Tír Chonaill]]. B'as Mín Doire na Slua i bparóiste na Rosann dá Mháthair, Agnes Roarty. Fear de bhunadh Mhín A' Leá a bhí i Micí, athair an fhile. Ar nós go leor d'fheara [[Cloich Cheann Fhaola|Chloch Cheann Fhaola]] ag an am shaothraigh Micí a bheatha mar oibrí seasúrach ar fheirmeacha i Mid Lothians na hAlban, sna ceantaireacha sin thart ar Haddington, Dunbar agus East Linton. Thit cúram na feirme a bhí acu i Mín A' Leá ar Agnes nuair a bhí a fear céile as baile. Cathal an t-aon duine clainne a bhí acu.
===Scolaíocht===
Fuair sé a chuid bunscolaíochta i gCaiseal na gCorr agus a chuid meanscolaíochta i nGairm Scoil Ghort A' Choirce.
"Purgadóireacht anama agus aigne" a thug sé ar a thréimhse sa scoil náisiúnta. "Buillí, bualadh agus brúidiúlacht; sin an chuimhne is buaine atá agamsa ar mo chuid bunscolaíochta. Chan smacht a cuireadh ar mo shamhlaíocht i gCaiseal na gCorr ach ansmacht."<ref name="Macalla">''Ón Taobh Istigh: Agallamh le Cathal Ó Searcaigh'', Marion Kelly: Macalla (OÉ Gaillimh 1997)</ref>
Ach bhí an tádh dearg air, adeir sé, a ghabháil chun na gairm scoile i nGort A' Choirce. "Bhí Tomás Breathnach ag muineadh ansin. Eisean a bhí i mbun an Bhéarla. Bhí sé iontach. Chan téacsanna as leabhar an Bhéarla amháin a bhí a theagasc aige – ach téacsanna as leabhar na beatha. Thuig seisean an tábhacht a bhain le saol na samhlaíochta. Mhuin sé filíocht dúinn seachas fíricí. Cheadaigh seisean domh a bheith cruthaitheach."<sup>Ibid</sup>
==Londain==
[[Íomhá:Cathal.jpg|deas|200pz|thumb|Cathal Ó Searcaigh]]I ndiaidh na gairm scoile chuaigh sé go Londain, Sasana, "le taithí a chuir ar an saol – saol na gcéadfaí go speisialta. Bíonn ort na cúlbhóithre agus na cabhsaí a shiúl sula n'aimseoidh tú na sméara dubha is mó agus is milse."<ref name="Macalla" /> Léigh sé cuid mhór ag an am sin a bhuíochas sin ag gabháil do shiopaí leabhar dara láimhe Charing Cross agus do leabharlann phoiblí Londan. Bhí na [[Jack Kerouac|Beats]] ar thús cadhnaíochta – Ginsberg, Corso, Ferlinghetti, Snyder agus dar ndóighe, Kerouac. "Mheall saothar na mBeats mé. Bhí comhcheilg ar bun acu in éadan na gcionbhinsiún. Thug siad an fhilíocht amach ar an sráid. Shaoraigh siad Bé na hÉigse ó shaol, seasc, méanaicneach na hAcadúileachta, áit a raibh sí ag fáil bháis de dhíobháil aicsean. Agus thug siad cead a cinn díthe an tsráid a shiúl. Dhúisigh na Beats an Dán. Ár nDán."<sup>Ibid</sup>
Ba i Londain a chum sé a chéad chnuasach filíochta, "Miontraigéide Chathrach".<ref>Cló Uí Chuirreáin, 1975</ref> Deir sé fosta gur chuir sé "dúspéis i ngraffiti na cathrach." Litríocht an leithris nó Éigse an Phleidhce nó Cacamas, "thaitin sé liom mar go raibh sé greannmhar, graosta, dúshlánach. Shamhlofá gur cuireadh bior dhearg suas tóin na gclicheanna. Scréad dúshláine a bhí sa ghraffiti seo in éadan gach ní agus neach a bhí cúramach, coimeádach, críonna. Tuigeadh domh ag an am go gcaithfeadh friotal na filíochta a bheith chomh beo brathach leis an ghraffiti seo. Cha bheadh tairbhe ar bith teanga a úsáid a bhí chomh righin reoite le cáipéis dlí."<ref name="Macalla" />
I Londain shaothraigh sé a bheatha ag obair i dtabhairne – "The Ox and Gate", leathbealaigh idir Cricklewood agus Neasden, ceantar mór Éireannach ag an am sin.
==Ollscolaíocht==
Chaith sé théimhse (1972-74) ag plé leis an Staideár Eorpach san [[Ollscoil Luimnigh|NIHE]] i Luimhneach mar a thugtaí ar Ollscoil Luimhnigh. Agus é ó dheas d'fhreastal sé ar Úr-Chúirt Éigse na Máighe, scoil filíochta a bhíodh ag Cyril Ó Céirín ina theach conaí i Mungairit ó Shamhain go Bealtaine, ag déanamh aithrise ar na cúirteanna filíochta a bhíodh sa Tuadhmumhain sa tseanam. Tá fianaise ar an fhilíocht a cuireadh os comhair na cúirte le fáil sa leabhar "Breith" (Cló na Cúirte Éigse, Mungairit, 1974) arna chur in eagar ag Cyril Ó Céirín. Le linn do Chathal a bheith ag freastal ar an NIHE bhain sé cáil amach mar léiritheoir drámaí. Ar na léirithe a stiúirigh sé bhí "Shadow of the Glen", "The Midnight Court", "Moll".
Rinne sé bliain amháin de chéim i nGaeilge i [[Ollscoil na hÉireann, Má Nuad|gColáiste Phádhraig, Maigh Nuad]] (1978-79). Foilsíodh a dhara cnuasach agus é ina mhacléinn i Maigh Nuad – Tuirling<ref>Carbad, 1978</ref> i bpáirtíocht le [[Gabriel Rosenstock]]. Agus é i gColáiste Phádraig bhí sé mar bhall lárnach den fhoirean iomráiteach díospóireachta a bhí acu. Ar an fhoireann clúiteach sin bhí daoine a thuill cáil mhór ina dhiaidh sin: John O'Donohue, údar Anamchara; Mary Hanafin, Ministir Oideachais, Fianna Fáil; Micheál Ó hÉanaigh, Ardfheidhmeannach i gComhairle Condae Dhún na nGall.
I ndiaidh do Maigh Nuad a fhágáil d'oibrigh sé mar láithreoir teilifise ar "Aisling Gheal", clár ealaíon agus ceoil a léirigh [[Tony McMahon]] do [[TG4|RTÉ]].
Ó 1981 ar leith tá Ó Searcaigh ag scríobh go lánaimseartha.
Ceapadh é ina scríobhneoir cónaithe in [[Ollscoil Nua Uladh]], [[Cúil Raithin]] agus in [[Ollscoil na Banríona, Béal Feirste]] (1992–1995). Bhí a mhacasamhail de phost aige in [[Ollscoil na hÉireann, Gaillimh|Ollscoil na Gaillimhe]] sa bhliain 1996.
Ceapadh é ina bhall d'[[Aosdána|Aos Dána]] in 1996.
==Taisteal==
File idirnáisiúnta atá ann a bhfuil a chuid filíochta léite aige féilte ealáine ar fud an domhain. Go nuige seo tá aistriúcháin Albáinise, Béarla, Briotáinse, Catalóinise, Danmhairgise, Fraincise, Gearmáinse, Iodáilise, Neapalíse, Polainnse, Rúisise, Rómáinse, Seirbea-Chróitise, Seapáinse agus Spáinnise déanta ar a shaothar.
Ó 1996 tá tréimhsí cáite aige i [[Neipeal]], áit a bhfuil mac uchtaithe aige ann, Prem Timalsina agus anois tá beirt clainne ag Prem, mac agus iníon Prashant agus Parmita. Tugann "Seal i Neipeal"<ref>Cló Iar-Chonnacnta, 2004</ref> sracfhéachaintí i bhfocail, i bpictiúir agus i bhfilíocht ar an tír dhiamhair sin faoi scáth Everest. "Tá Seal i Nealeal ar cheann de na leabhair is aoibhne agus fearr dar scríbhadh sa Gheilge le deich mbliana anuas. Leabhair taistil, ach leabhar smaointe agus leabhar grámhar," adúirt Alan Titley agus é ag tabhairt breith ar shaothar Uí Shearcaigh.<ref name="Titley" />
Sa bhliain 2008 thóg an scannán Fairytale of Kathmandu conspóid mhór agus aird na meáin i dtaca leis an obair charthanach a bhí ar siúil ag an fhile i Neipeal agus an gaol a bhí eadar é féin agus na fir óga a raibh sé ag cabhrú leo. Sa racán a d'éirigh as an scannán a craoladh ar [[RTÉ]], cáineadh Ó Searcaigh as mí-usáid gnéis a bhaint as na fir óga (cé gur admhaíodh go raibh aois toilithe sroicthe acu) agus cáineadh lucht déanta an scannáin as míbhuntáiste a ghlacadh ar an fhile san dóigh gur cuireadh an scannán i láthair.
Chuir Dermot Moore ón iris Hot Press agallamh cuimsithreach i mBéarla faoi gconspóid ar an fhile a foilsíodh i bFeabhra 2009.<ref name="Dermod Moore">{{cite news|url=http://www.hotpress.com/features/interviews/5249364.html|work=[[Hot Press]]|title=The Case for the Defence|first=Dermod|last=Moore}} (subscription only)</ref> Rinne Paddy Bushe scannán cosanta dar theideal ''The Truth About Kathmandu'' (2009).<ref name="london-times-bushe">[http://www.timesonline.co.uk/tol/news/world/ireland/article6494028.ece Kathmandu revisited to clear poet’s name], Colin Coyle, [[The Times]], 13 Meitheamh 2009, curtha i dtaisce ar 13 D.F. 2009</ref>
Bronn Ó Searcaigh bailiúchán dá lámhscríbhiní, á chnuasach ealáine agus a leabharlann pearsanta féin ar an Stáit. Tá cúram an deonacháin seo faoi Leabharlann Condae Dhún na nGall faoi láthair. Is minic go mbíonn ócáidí chultúrtha ar siúil ina theach cónaí i Mín A' Leá, faoi scáth an Eargail.
==Duaiseanna agus Gradaim==
1996: Togadh é ina bhall d'[[Aosdána|Aos Dána]]
2000: Bronnadh Doctúireacht oinigh sa Léann Ceilteach air ó [[Ollscoil na hÉireann|Ollscoil Náisiúnta na hÉireann]]
2000: Bronadh [[The Irish Times]] Literature Prize ar "Ag Tnuth leis an tSolas, Danta 1975–2000
2007: The Ireland Fund Literary Award
2013: Mórán duaiseanna Oireachtas buaite aige thar na blianta, na cinn is déanaí ar son na mbailiúchan filíochta "Aimsir Arsa" (2013) agus "An Bhé Ghlas" (2016).
Dánta leis ar chúrsa na h[[Ardteistiméireacht]]a le tamall de bhlianta: "Níl Aon Ní", "Fiacha an tSolas", "Fothrach Tí i Mín na Craoibhe", "Maigdiléana", "Na Colmáin".
Déantar staidéar ar a shaothar sna hOllscoileanna in Éirinn agus thar lear.
==Rogha Foilseacháin==
===Cnuasaigh filíochta===
* 1975: ''Miontraigéide Chathrach agus Dánta Eile'', Cló Uí Chuirreáin
* 1978: ''Tuirlingt'' (i bpáirtíocht le Gabriel Rosenstock agus Bill Doyle, grianghrafadóir) Carbad, Dublin
* 1983: ''Súile Shuibhne: grianghrafadóireacht le Rachael Giese'', (Rogha Éigse Éireann, 1983); Coiscéim, Dublin
* 1987: ''Suibhne'', ainmnithe ar ghearrlíosta Irish Book Awards; Coiscéim
* 1991: ''An Bealach 'na Bhaile'', [[Cló Iar-Chonnacht]], Indreabhán, Co na Gaillimhe
* 1996: ''Na Buachaillí Bána'', Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
* 2000: ''Ag Tnúth leis an tSolas, 1975-2000'', Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
* 2002: ''Caiseal na gCorr'' (grianghraif le Jan Voster) Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
* 2005: ''Na hAingle ó Xanadú'', Arlen House, Gaillimh
* 2006: ''Gúrú i gClúidíní'', ealáin le Ian Joyce) Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
* 2011: ''An tAm Marfach ina Mairimid'' (ealáin le Ian Joyce) Arlen House, Gaillimh
* 2013: ''Aimsir Ársa'' (ealáin le Ian Joyce) Arlen House, Gaillimh
* 2014: ''Na Saighneáin'' (ealáin le Ian Joyce) Arlen House, Gaillimh
* 2015: ''An Bhé Ghlas'', ealáin le Pauline Bewick, aistrithe ag Paddy Bushe; Leabhar Breac, Indreabhán
===Eagráin
* 1993: ''Homecoming / An Bealach 'na Bhaile'' (in eagar ag Gabriel Fitzmaurice), Cló Iar-Chonnacht : bronnadh Duais an Riordánaigh ar an chnuasach seo, 1993; cuireadh athchló ar an chnuasach seo go minic
* 1997: ''Out in the Open: in eagar ag Frank Sewell'', Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán : ainmnithe don Aristeon European Prize for Poetry 1998
* 2006: ''By the Hearth in Mín a' Leá: aistriúcháin le Seamus Heaney agus Frank Sewell'', Arc Publications : The Poetry Society (UK) Translation Choice for 2006
* 2015: ''An Fear Glas / The Green man, ealáin le Pauline Bewick'' (aistrithe ag Paddy Pushe, Gabriel Rosenstock agus Frank Sewell) Arlen House, Galway
* 2016: ''Out of the Wilderness'' aistriúcháin le Gabriel Rosenstock) The Onslaught Press, Oxford
===Saothair Próis===
* 2004: ''Seal i Neipeal'', Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán : bronnadh Duais Piaras Béaslaí ar an leabhar taistil seo ag Oireachtas, 2004
* 2011: ''Pianó Mhín na bPreachán'' (úrscéal) Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
* 2016: ''Thugamar Féin an Samhradh Linn'' (úrscéal) Leabhar Breac, Indreabhán *****?2017*****
===Drámaí===
* 2005: ''Oíche Dhrochghealaí'': dráma véarsaíochta bunaithe ar scéal Salome/Eoin Baiste, Coiscéim, Dublin
* 2006: ''Mairimid Leis na Mistéirí: trí ghearrdhrámaí'', Arlen House, Gaillimh
===Saothar i mBéarla===
* 2009: ''Light on Distant Hills'', cuimhní cinn, Simon & Schuster, London
* 2014: ''Soul Space'', leabhar ar chúrsaí spioradálta (foilsithe faoin ainm cleite Charles Agnes) Evertype, Cathair na Mart, Contae Mhaigh Eo
===Stair===
* 1994: ''Tulach Beaglaoich: Inné agus Inniu / Tulach Begley: Past and Present'', Glór na nGael, Fál Carragh
===Eagarthóir=== *****? mar e~
* 1997: ''An Chéad Chló'', rogha de saothar nuafhilí, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
* 2013: ''The Other Tongues: an Introduction to Writing in Irish, Scots Gaelic and Scots in Ulster and Scotland'', Duillí Éireann, Béal Feirste
* 2013: ''Margadh na Míol i Valparaiso / The Flea Market in Valparaiso: Rogha dánta le Gabriel Rosenstock'' (roghnaithe ag Cathal Ó Searcaigh, maraon le réamhrá i nGaeilge agus i mBéarla), Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
* 2014: ''An tAmharc Deireannach / The Last Look'', Rogha dánta le Colette Ní Ghallchóir, roghnaithe ag Cathal Ó Searcaigh, Arlen House, Gaillimh
===Ceol i gcomher le cumadóirí eagsúla===
* 2005: ''Tearmann'', sraith de dánta Uí Shearcaigh cóiriú ceoil le Neil Martin, curtha i láthair an phobal den chéad uair ag Féile Ealáine an Chlacháin. An West Ocean String Quartet a tabhairt tionlacan don fhile
* 2009: ''Oileán na Marbh'', liricí Uí Shearcaigh; an ceol cumtha ag Neil Martin, canta ag [[Maighread Ní Dhomhnaill]] i bpáirtíocht leis an West Ocean Quartet); ''Ae Fond Kiss'', West Ocean Records
* 2012: ''Síle an tSléibhe'', ceoldráma, an ceol cumtha ag Derek Ball, canta ag Elizabeth Hilliard, curtha i láthair an phobal den chéad uair sa Back Loft (La Catedral theatre) BÁC, Mean Fómhair 2012
* 2013: ''Rhapsody na gCrann'' focail le Cathal Ó Searcaigh, an ceol cumtha ag Ciarán agus Pól Brennan, canta ag [[Clannad]]; Clannad ''[[Nádúr]]'' Arc Music
Rinne Cathal tionscnaimh eagsúla ceoil i bpáirtíocht le [[Altan (band)|Altan]], [[Brian Kennedy (singer)|Brian Kennedy]], Diana Cannon agus go leor ceoltóirí eile.
===Tionscnaimh Ealáine===
* 2003: ''Trasnú'', saothar filíochta le Cathal Ó Searcaigh, taispeántas ealáine le Maria Simonds Gooding. Foilsíodh catalóg den taispeántas (An Gailearaí, [[Gaoth Dobhair]])
* 2004: ''Luxury of a Skylight'', in éineacht le Janet Mullarney: dánta agus saothar ealáine. Eagrán teoranta i gcása, sínithe agus uimhrithe. Foilsithe ag Edizioni Canopo, Prato, Italy
* 2005: ''Dialann / Diary'', in éineacht le Barbara Lea (ealáintóir) agus Paulette Myres-Rich (déantóir leabhar), eagrán teoranta i gcása, sínthe agus uimhrithe. Foilsithe ag Traffic Street Press, St Paul, Minnesota
* 2012: ''The Green Man'', Bailiúchán de 10 liotagrafanna cruthaithe agus curtha i gcló ag Aoife McGarrigle i gCló Ceardlann na gCnoc, Contae Dhún na nGall, maraon le 10 dánta le Cathal Ó Searcaigh: eagrán teoranta i gcása, sínthe agus uimhrithe.
* 2004: ''The View from Bealtaine'', bunaithe ar ''Cór Úr'', dán iomráiteach de chuid Uí Shearcaigh, curtha i gcló ag Barbara Tetenbaum i gCló Ceardlann na gCnoc, Contae Dhún na nGall. Eagrán teoranta, sínthe agus uimhrithe
===Leabhair i dtaobh a shaothair===
* 2000: ''Modern Irish Poetry: A New Alhambra'', Frank Sewell, Oxford University Press
* 2002: ''On the side of Light'': Aistí téacsa agus léirmheasa ar saothar filíochta Uí Shearcaigh, curtha in eagar ag James Doan & Frank Sewell, Arlen House, Gaillimh
* 2005: ''Na Buachaillí Dána: Cathal Ó Searcaigh, Gabriel Rosenstock'' by Pádraig de Paor, An Clóchomhar, Dublin
===Aistí léirmheasa ar shaothar Uí Shearcaigh===
* 1993: ''A Going Back to Sources'', léirmheas le Michael Longley ar "Homecoming / An Bealach 'na Bhaile", Poetry Ireland Review 39
* 1996: ''Cathal Ó Searcaigh: a Negotiation with Place, Community and Tradition'', Gréagóir Ó Dúill, Poetry Ireland Review 48
* 1997: ''Wrestling with Angels'', léirmheas le Sean Lysaght ar "Out in the Open" Poetry Ireland Review 55
* 1997: ''The Indelible mark of Cain: Sexual Dissonance in the Poetry of Cathal Ó Searcaigh'', Lillis Ó Laoire i "Sex, Nation and Dissent in Irish Writing", eagarthóir Eibhear Walsh, Cork University Press
* 2000: ''Irish Writing in the Twentieth Century: A Reader'', David Pierce, Cork University Press
* 2000: ''Cathal Ó Searcaigh and Aspects of Translation'', Nobuaki Tochigi: Éire-Ireland (Spring/Summer 2000) Vol.35
* 2000: ''Ag Tabhairt Teanga don Tost'', Lillis Ó Laoire, Réamhrá, ''Ag Tnúth leis an tSolas'': Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co Galway<ref>Preface starting at page 15, [https://www.cic.ie/images/uploads/docs/2_split_Ag_Tnu%CC%81th_leis_an_tSolas.pdf Ag Tnúth leis an tSolas]</ref>
* 2003: ''Between Two Languages'', Frank Sewell, ''The Cambridge Companion to Contemporary Irish Poetry'', eagarthóir Matthew Campbell: Cambridge University Press
* 2005: ''Trén bFearann Breac'', agallamh ar filíocht Uí Shearcaigh, Máirín Nic Eoin, Cois Life, BÁC
*2007: ''"For Isaac Rosenberg": Geoffrey Hill, Michael Longley, Cathal O'Searcaigh'', aiste le Tara Christie i ''The Oxford Handbook of British and Irish War Poetry'', curtha in eagar ag Tim Kendall, Oxford Handbooks, ISBN 9780199282661
* 2008: ''The Given Note – Traditional Music and Modern Irish Poetry'', Seán Crossan: Cambridge Scholars Publishing, Newcastle upon Tyne
* 2009: ''Préamhachas an Ultachais i bhfilíocht Chathail Uí Shearcaigh'', A J Hughes, ''Filí agus Filíocht'': Éigse Cholm Cille, Doire
* 2010: ''Cathal Ó Searcaigh'': aiste léirmheasa i "Scríbhneoirí faoi Chaibidil, eagarthóir Alan Titley", Cois Life, Dublin
* 2010: ''Cathal Ó Searcaigh'', aiste léirmheasa le Caitríona Ní Chléirchín i "Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge", eagarthóir Ríona Ní Fhrighil, Cois Life, BÁC
* 2015: ''A Major Voice'', léirmheas ar "Aimsir Ársa" agus "An Bhé Ghlas" le Paddy Bushe, Poetry Ireland Review 117
===Duanairí ina bhfuil a shaothar le fáil===
Tá Ó Searcaigh ar dhuine den bheagán filí Gaeilge a bhfuil a shaothar le fáil sna mórdhuanairí de nua filíocht na hÉireann. Seo a leanas sampla.
* 1986: ''The Bright Wave / An Tonn Gheal'', Raven Arts press
* 1986: ''Filíocht Uladh'', eagarthóir Gréagóir Ó Dúill: Coiscéim, Dublin
* 1991: ''The Field Day Anthology of Irish Writing: Volumes III and IV'', curtha in eagar ag Seamus Deane, Field Day
* 1995: ''Modern Irish Poetry: An Anthology'', curtha in eagar ag Patrick Crotty, The Blackstaff Press, Belfast
* 1996: ''Anthologie de la Poésie Irlandaise du XXe siecle'', Éditions Verdier
* 1997: ''Writing the Wind: The New Celtic Poetry'', New Native Press, USA
* 1998: ''The Oxford Book of Ireland'', curtha in eagar ag Patricia Craig, Oxford University Press
* 1998: ''Treasury of Irish Love'', eagarthóir [[Gabriel Rosenstock]]: [[Hippocrene Books]], New York
* 1999: ''The Pilot Star Elegies'', filíocht agus aistriúcháin éigin, [[Sherod Santos]], W W Norton, New York* 1999: ''Watching the River Flow – A century of Irish Poetry'', curtha in eagar ag Theo Dorgan, Poetry Ireland
* 2000: ''The Hip Flask: Short Poems from Ireland'', curtha in eagar ag Frank Ormsby, Blackstaff Press, Béal Feirste
* 2000: ''Duanaire an Chéid'', eagarthóir Gearóid Denver: Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Contar Gaillimh
* 2000: ''Fearann Pinn: Filíocht 1900-1990'', eagarthóir Gréagóir Ó Dúill: Coiscéim, Dublin
* 2001: ''Gaolta Gairide'', eagarthóir Máirín Nic Eoin: Cois Life, Dublin
* 2002: ''A Conversation Piece: Poetry and Art'', eagarthóirí Adrian Rice agus Angela Reid: Abbey Press, An Iúraigh
* 2002: ''20th Century Irish Poems'', roghnaithe ag Michael Longley, Faber & Faber
* 2003: ''The Blackbird's Nest: Poetry from Queen's University Belfast'', eagarthóir Frank Ormsby: [[Blackstaff Press]], Béal Feirste
* 2003: ''Modern Poets of Europe: a Selection'', eagarthóirí Patricia & William Oxley: Spiny Babbler
* 2005: ''Lón Anama: Poems for Prayer from the Irish Tradition'', eagarthóir Ciarán Mac Murchaidh: Cois Life, BÁC
* 2006: ''The Ulster Anthology'', eagarthóir Patricia Craig: The Blackstaff Press, Béal Feirste
* 2007: ''Our Shared Japan'', eagarthóirí Irene De Angelis agus Joseph Woods: Dedalus Press, BÁC
* 2008: ''The Essential Gabriel Fitzmaurice: Selected Poems and Translations'': Mercier Press, Cork
* 2008: ''Filíocht Ghrá na Gaeilge / Love Poems in Irish'', eagarthóir Ciarán Mac Murchaidh: Cois Life, BÁC
* 2008: ''The New North: Contemporary Poetry from Northern Ireland'', Wake Forest Press, Winston-Salem, North Carolina
* 2008: ''A Fine Statement: An Irish Poet's Anthology'', curtha in eagar ag John McDonagh, Poolbeg Press, BÁC
* 2010: ''The Penguin Book of Irish Poetry'', curtha in eagar ag Patrick Crotty, Penguin Books
* 2010: ''An Anthology of Modern Irish Poetry'', curtha in eagar ag Wes Davies, The Belknap Press of Harvard University press, Cambridge, Massachusetts
* 2011: ''Voices at the World's edge: Irish Poets on Skellig Michael'', curtha in eagar ag Paddy Bushe, Dedalus Press, BÁC
* 2011: ''The Willow's Whisper: Poetry from Ireland and Native America'', eagarthóirí Jill M O'Mahoney agus Mícheál Ó hAodha: Cambridge Scholars, Newcastle upon Tyne
* 2014: ''If Ever You Go: A Map of Dublin in Poetry'', eagarthóirí Pat Boran agus Gerard Smyth: Dedalus Press, BÁC
* 2016: ''Leabhar na hAthghabhála / Poems of Repossession'', curtha in eagar ag Louis De Paor, Bloodaxe Books, Cló Iar-Chonnacht
===Duanairí i dTeangacha Iasachta===
* 1996: ''Bollirà La Rugiada: Poesia irlandese contemporanea'' (Iodáilis): Moby Dick, Faenza
* 1998: ''Das Zweimaleins Des Steins Poesie Aus Irland'', Edition die horen
* 1999: ''Schönes Babylon'' (Gearmáinis), eagarthóir Gregor Laschen: DuMont Buchverlag, Köln
* 2000: ''Vzdálené Tóny Naděje: Antologie Irské Poezie'' (The Distant Music of Hope) (Polainnis), Host, Brno
* 2007: ''Amanairis'' (Slóivéinis), eagarthóirí Tina Mahkota agus Gabriel Rosenstock: Antologie Vilenice, Ljubljana
===Eagráin i dTeangacha Iasachta===
* 1996: ''Le Chemin du Retour / Pilleadh an Deoraí'', eagarthóir A J Hughes: La Barbacane Bonaguil, France
* 1997: ''Distreiñ d'ar Gêr / An Bealach 'na Bhaile'', eagarthóir A J Hughes: Skrid, Brittany
* 1998: ''Drumul Spre Casa / Romanian Translations'', eagarthóir [[Christian Tămaş]]: Editura Ars Longa, România
* 2006: ''Kathmandu – Translations into Nepali'', eagarthóir & aistritheoir [[Yuyutsu R D Sharma]]: Nirala Publications, New Delhi
===Agallaimh leis an fhile===
* 1997: ''Ón Taobh Istigh: Agallamh le Cathal Ó Searcaigh'', Marion Kelly: Macalla, NUI Gaillimh
* 2002: ''In the Chair: Interviews with Poets from the North of Ireland'' curtha in eagar ag John Brown, Salmon Publishing, Contae an Chláir
* 2010: ''Close to the Next Moment: Interviews from a Changing Ireland'' curtha in eagar ag Jody Allen Randolph, Carcanet Press, Manchester
==Tagairtí==
{{reflist}}
|