An difríocht idir athruithe ar: "Teaghlach"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
[[File:Family by Edwina Sandys.JPG|thumb|''Family'' (1979), dealbh chré-umha le Edwina Sandys ag ceannáras na [[Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]] sa [[Ginéiv|Ghinéiv]]]]
 
Is é is brí le '''teaghlach''' ná [[lánúin]] - is é sin, na [[tuismitheoirí]] - agus aan g[[clann]]. Sa [[An Ghaeilge|Ghaeilge]], úsáidtear an focal '''clann''' le tagairt don tsliocht atá ag an lánúin le chéile, cé go bhfuil sé de nós ag foghlaimeoirí na [[teanga]] an focal Béarla úd ''family'' a aistriú mar "clann". Níl an nós seo ag teacht le dul ceart na Gaeilge. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil coincheap an teaghlaigh féin tar éis an-chraiceann a chur de i rith na [[20ú haois|fichiú haoise]], is deacair focal maith Gaeilge a aimsiú nach mbeadh [[cuimhne]] éigin greamaithe di ón seanaimsir, nuair a bhí na hiníonacha agus na mic fhásta go minic ina gcónaí faoi aon díon lena dtuismitheoirí, nó na seandaoine lena gclann féin. [[Canúint Ghaeilge Uladh|Focal Ultach]] é "teaghlach", agus d'fheicfeá é ag scríbhneoirí cosúil le [[Séamus Ó Grianna]].
 
Focail eile Gaeilge ar theaghlach is ea iad '''''líon tí''''' (is é sin, na daoine a bhfuil cónaí orthu in aon teach le chéile), ''muirín'' nó ''muirear'' (an chlann a gcaithfidh na tuismitheoirí bia agus beatha a choinneáil léi - cf. an téarma Gaeilge úd "[[pleanáil muiríne]]") agus '''''comhluadar''''' (a úsáidtear sa chiall seo go háirithe i nGaeilge Chonamara).

Tá glacadh áirithe leis an bhfocal Béarla ''family'' sa ghnáthchaint, go háirithe i nGaeilge na Mumhan.

Maidir leis an bhfocal ''muintir'', is féidir é a úsáid sa chiall "teaghlach" freisin: is iad "mo mhuintir" na daoine a bhfuil baint éigin ar leith agam leo, agus ina lán coimhthéacsanna, is é is brí leis ná "mo theaghlach".
 
== Féach freisin ==
* [[athair]]
* [[máthair]]
* máithreachas
* [[tuismitheoirí]]
* [[mac]]