An difríocht idir athruithe ar: "Teaghlach"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
[[File:Family by Edwina Sandys.JPG|thumb|''Family'' (1979), dealbh chré-umha le Edwina Sandys ag ceannáras na [[Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]] sa [[Ginéiv|Ghinéiv]]]]
 
Is é is brí le '''teaghlach''' ná lánúin - is é sin, na tuismitheoirí - agus ana [[clann|chlann]]gclann - is é sin, na páistí. Sa [[An Ghaeilge|Ghaeilge]], úsáidtear an focal '''clann''' le tagairt don tsliochtsliocht (''offspring'' i m[[An Béarla|Béarla]]) atá ag an lánúin le chéile, cé go bhfuil sé de nós ag foghlaimeoirí na [[teanga]] an focal Béarla úd ''family'' a aistriú mar "clann". Níl an nós seo ag teacht le dul ceart na Gaeilge. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil coincheap an teaghlaigh féin tar éis an-chraiceann a chur de i rith na [[20ú haois|fichiú haoise]], is deacair focal maith Gaeilge a aimsiú nach mbeadh [[cuimhne]] éigin greamaithe di ón seanaimsir, nuair a bhí na hiníonacha agus na mic fhásta go minic ina gcónaí faoi aon díon lena dtuismitheoirí, nó na seandaoine lena gclann féin. [[Canúint Ghaeilge Uladh|Focal Ultach]] é "teaghlach", agus d'fheicfeá é ag scríbhneoirí cosúil le [[Séamus Ó Grianna]].
 
Focail eile Gaeilge ar theaghlach is ea iad '''''líon tí''''' (is é sin, na daoine a bhfuil cónaí orthu in aon teach le chéile), ''muirín'' nó ''muirear'' (an chlann a gcaithfidh na tuismitheoirí bia agus beatha a choinneáil léi - cf. an téarma Gaeilge úd "pleanáil muiríne") agus '''''comhluadar''''' (a úsáidtear sa chiall seo go háirithe i nGaeilge Chonamara).